Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Nov 1981

Vol. 330 No. 7

Written Answers. - Scoil Náisiúnta i gContae na Gaillimhe.

522. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aige seirbhís saor-thaistil a sholáthar do scoláirí chuig Scoil Náisiúnta Chorr na Móna i gContae na Gaillimhe.

De réir rialacha na scéime saor-thaistil chuig na bunscoileanna, ní mór go mbeadh íosuimhir de dheichniúir (10) daltaí ináirithe ar fáil in ionad ar leith sular féidir seirbhís speisialta iompair a chur ar fáil chuig scoil náisiúnta.

Is féidir gurb iad ceantair Cruimghlinn Thiar, Baile an Tobair etc. atá i gceist ag an dTeachta. Ina leith sin, tuigtear dom nach bhfuil ar fáil ach seachtar (7) daltaí ináirithe agus, chomh maith leis sin, nach bhfuil cónaí orthu in ionad ar leith ach go bhfuil a n-áiteanna cónaithe scaipthe go maith ó chéile. I dtosca an scéil, mar sin, níl sé de údarás agam seirbhís iompair dos na daltaí sin a chur ar fáil.

Top
Share