Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Dec 1981

Vol. 331 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cumhachtaí Oideachais Údaráis na Gaeltachta.

12. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aige cumhachtaí i leith oideachais sa Ghaeltacht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Níl sé sin i gceist agam.

An bhfuair an tAire iarratas ón Údarás?

Tá iarratas san Roinn ach ní cheapaim gur cheart cumhachtaí i leith oideachais a thabhairt don Údarás ag an am seo.

Fuair an tAire iarratas.

Fuair an t-iar-Aire iarratas mar gheall ar an ábhar seo.

Mar eolas don Aire, níor chuireadh aon iarratas os comhair aon Aire na Gaeltachta go fóill. An mbeadh an tAire fábharach do aon iarratas a thiocfadh ón Údarás.

Ní bheinn.

Tá tú i gcoinne na cumhachtaí oideachais a thabhairt dóibh.

Táim, go deimhin.

An bhfuair an tAire moltaí ó aon eagras eile seachas Údarás na Gaeltachta i leith cumhachtaí oideachais a thabhairt don Údarás?

Tá coiste bunaithe le tamall anuas ar a bhfuil ionadaithe ón Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, chun plé le ceisteanna a bhaineann le hoideachas san Ghaeltacht agus chun moltaí agus comhairle a chur faoi bhráid an Aire Oideachais.

Top
Share