d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta £30,000 a chur ar fáil i mbliana chun bóithre Inis Oirr a shocrú.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Inis Oirr.
11. D'fhiafraigh
Ní féidir liom a rá go fóill cé mhéad airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse i mbliana lena chaitheamh ar bhóithre.
12. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta deontas a thabhairt chun céibh Inis Oirr a mhéadú ionas go mbeadh an Naomh Éanna in ann teacht taobh leis an gcéibh le lasta agus rl. a thógáil i dtír.
Tá mo Roinnse ag feith-eamh le comhairle ó Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le muiroibreacha ansin. Tuigtear dom go mbeidh gá le suir-bhéireacht hidreagrafaíochta agus go ndéanfar an tsuirbhéireacht sin i rith na bliana seo.