Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Staff Appointments .

20.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give the following information in respect of each personal assistant, adviser, consultant, secretary, typist or any other category employed from outside the civil service in a temporary, part-time or permanent capacity or contractual capacity by him for the period from 21 March to date:— name, rank, remuneration, terms of conditions of employment, and if seconded, and if so, from where.

: Cé nach ndearnadh aon cheapachán den saghas atá i gceist sa tréimhse a luaitear tá socruithe idir lámha chun comhlacht comhairleoireachta a fhostú i ndáil le cúrsaí poiblíochta. Go dtí go ndéanfar an ceapachán sin go foirmiúil measaim nár chóir na sonraí atá á lorg a thabhairt.

: Cé leis a mbeidh an comhairleoir poiblíochta seo ag obair, leis an Aire nó le Údarás na Gaeltachta?

: Le Roinn na Gaeltachta agus an Roinn lascaireachta agus Foraoiseachta.

: An mbeidh cuid dá chuid oibre ag plé go díreach leis an Údarás féin nó an mbeidh sé freagarthach don Aire amháin?

: Beidh sé ag comhoibriú leis an té a bheidh i mbun phoiblíocht an Údaráis.

: Comhairleoir poiblíochta nó foireann chomharleoirí? An bhféadfadh an tAire a rá an Gaeilgeoir líofa a bheas ann.

: Níl socruithe aontaithe nó críochnaithe go fóill, agus go dtí go mbeidh níor mhaith liom aon sonraí a thabhairt.

: Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh Gaeilge líofa ag an té a bheas i mbun cúrsaí Roinn na Gaeltachta.

: Cibé a cheapfar, beidh sé in ann an job a dhéanamh.

: Agus beidh Gaeilge líofa aige?

Top
Share