Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 May 1983

Vol. 342 No. 7

Written Answers. - Íocaíocht Deontas.

694. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard is cúis leis an moill ar íocaíocht iasacht Gaeltachta le iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Níl teideal an iarratasóra do láithreán an tí cláraithe fós i gClárlann na Talún ach, a luaithe a bheidh, ceadófar iasacht dó.

695. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcinnteoidh sé go dtabharfaidh oifigeach de chuid a Roinne cuairt ar iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe gan mhoill.

Ó tharla gur deisiú bóthair atá i gceist agus nach bhfuil airgead ar fáil do mo Roinnse i mbliana chun é a dhéanamh ní dóigh liom gurbh fhiú go rachadh oifigeach chuig an iarratasóir.

Top
Share