Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 May 1983

Vol. 343 No. 1

Written Answers. - Scoil i gContae Dhún na nGall.

690. D'fhiafraí

Mr. Coughlan

den Aire Airgeadais cén uair atá sé i gceist conraitheoir a thoghadh leis an méadú atá ceadaithe do Scoil Mhuire, Doirí Beaga a dhéanamh.

Tá tairiscintí i leith meadú na scoile ag na Doirí Beaga dá scrúdú i láthair na h-uaire. Nuair a bheidh an scrúdú críochnaithe iarrfar ar bhainisteoir na scoile an íocaíocht áitiúil a chur ar fáil. Nuair a dheineann sé amhlaidh glacfar le tairiscint.

Top
Share