Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jun 1983

Vol. 343 No. 6

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

669. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an bhfuil fiosrúchán ar siúl ag Udarás na Gaeltachta faoi chomhlacht (sonraí tugtha) faoi láthair; (b) an bhfuil bainisteoir an chomhlachta curtha as gnó go sealadach nó go lán-aimseartha.

670. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag Udarás na Gaeltachta comhlacht (sonraí tugtha) a chur as gnó.

Tógfaidh mé Ceisteanna 669 agus 670 le chéile. Maidir leis an gcomhlacht sin tuigim ó Udarás na Gaeltachta nach bhfuil i gceist é a chur as gnó; go mbíonn athbhreithniú ar siúl go rialta ar na torthaí measta; agus gur cuireadh athrú bainistíochta i bhfeidhm le déanaí.

Top
Share