Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Jul 1983

Vol. 344 No. 7

Written Answers. - Scéim na Miontionscal.

753. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cén t-airgead atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le deontais a íoc le miontionscail i mbliana; (b) an leor an t-airgead a cuireadh ar fáil sa Mheastachán, agus (c) an bhfuil easpa airgid ann faoi láthair.

Le go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta deontais a íoc ar mhaithe le tionscail de gach uile chineál is í an tsuim atá ar fáil i mbliana ná £6m agus níl sí sin ach £16,000 níos ísle ná an tsuim a tugadh don Údarás anuraidh. Ba chóir mar sin go mbeadh airgead go leor ar fáil chun miontionscail fhiúntacha a chur chun cinn.

754. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cé mhéad togra atá os comhair Údarás na Gaeltachta ó cheantar Rosmuc, i gConamara, faoi scéim na miontionscal faoi láthair; (b) i gcás gach togra, cén dáta ar cuireadh an t-iarratas chuig an Údarás agus (c) cé chomh luath agus a dhéanfar cinneadh maidir le gach ceann.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta — go bhfuil 15 iarratas ón ceantar sin á mbreithniú faoi láthair, — gur ó thús na bliana reatha a fuarthas iad seachas ceann amháin, agus — gur dócha go dtabharfar cinneadh orthu laistigh de chúpla mí.

Top
Share