d'Aire na Gaeltachta ar fógraíodh go poiblí go raibh an trealamh i monarcha Ghaelchrann i Rae na nDoirí, Contae Chorcaí, le díol.
756. D'fhiafraigh
Vol. 344 No. 7
d'Aire na Gaeltachta ar fógraíodh go poiblí go raibh an trealamh i monarcha Ghaelchrann i Rae na nDoirí, Contae Chorcaí, le díol.
756. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cad é an fáth gur díoladh an trealamh i monarcha Ghaelchrann, Rae na nDoirí, Contae Chorcaí, nuair a bhí daoine áitiúla sásta an mhonarcha a oscailt.
757. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an raibh sé mar choinníoll i ndíolachán an trealaimh i monarcha Ghaelchrann i Rae na nDoirí go ndíolfaí é lasmuigh den tír.
758. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cad tá beartaithe a dhéanamh le monarcha Ghaelchrann, i Rae na nDoirí, Contae Chorcaí, anois nuair atá an trealamh díolta.
Tógfaidh mé Ceisteanna 755 go 758, go huile, le chéile.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas atá an scéal — níor tháinig aon duine ar aghaidh ó dúnadh an mhonarcha sin a bhí sásta gnó iomlán den chineál a bhíodh ar siúl inti a athbhunú, — leis an dul chun cinn atá déanta le tamall anuas ag tionscail agus tograí eile, ní fhéadfaí glacadh anois le hiarratas chun gnó iomlán nó déantús pailéad a chur ar siúl sa mhonarcha agus, dá réir sin, ní raibh an t-innealra ar fad ag teastáil, — i dtreo nach mbeifí ag cur leis an gcumas táirgíochta don mhargadh baile fuarthas comhairle gurbh fhearr dá bhféadfaí cuid den innealra a dhíol thar lear agus, trí mhíthuiscint dá bharr sin, níor fógraíodh go poiblí sa ghnáthshlí go raibh innealra le díol, agus — d'fhonn tionscal oiriúnach a bhunú sa mhonarcha tá innealra áirithe fágtha inti nach bhfuil ar díol agus tá breithniú á dhéanamh ar iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu i dtionscal dá leithéid.