Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Jul 1983

Vol. 344 No. 7

Written Answers. - County Kerry Firm.

489.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that a firm (details supplied) in County Kerry is in danger of closing with the loss of 35 jobs because of a failure by the Government to honour a commitment given by an inter-departmental committee in March 1981 that data processing work from Government Departments would be channeled to it; if it is now intended to channel data processing work from Government Departments to it; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ganntanas oibre ag cur as don chomhlacht sin faoi láthair. Is mian liom é a dhéanamh lánsoiléir, áfach, gur ar an lucht bainistíochta féin atá an cúram a gcuid seirbhísí a dhíol.

Mar chabhair don chomhlacht tháinig ionadaithe ó Ranna Stáit le chéile cúpla bliain ó shin chun obair a d'oirfeadh dó a aithint san earnáil phoiblí: níor tugadh aon ghealltanas go mbeadh an obair sin ar fáil. Bhíothas in ann socruithe cuí a dhéanamh chun roinnt oibre a chur ar fáil, áfach, ach ní raibh i gceist riamh gur ar obair ón earnáil phoiblí amháin a bheifí ag brath.

Ba mhaithe liomsa go n-éireodh go maith leis an gcomhlacht agus shocraigh mé go gcuirfí aon chomhairle is féidir ar fáil don lucht bainistíochta mar chabhair dóibh chun a gcuid fadhbanna a réiteach.

Top
Share