den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta le staid na Gaeilge sna bunscoileanna agus, muna bhfuil, cén scéim atá leagtha amach aici le cúrsaí a fheabhsú.
Written Answers. - Staid na Gaeilge sna Bunscoileanna.
Is é cuspóir atá ag curaclam na bunscoile i leith na Gaeilge ná go mbeadh ar chumas na ndaltaí ag fágáil na bunscoile dóibh, úsáid a bhaint as an nGaeilge mar mheán cumarsáide ar ábhair ina gcuireann siad féin suim. Tá an-chabhair á thabhairt ag mo Roinn do na scoileanna, go háirithe maidir le hábhair theagaisc i gcúrsai comhrá a chur ar fáil, chun an aidhm seo a bhaint amach. Tionóladh Comhdhálacha leis na Príomhoidí Bunscoile i ngach ceantar cigireachta sa scoilbhlian 1982-1983 chun múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna a phlé go hiomlán. Cuireadh béim speisialta ar úsáid na Gaeilge mar theanga chaidrimh. Tá na moltaí atá i bPlean Gníomhaíochta na Gaeilge, 1983-86, a bhaineann leis an mbunscolaíocht agus le hoiliúint oidí bunscoile, á scrúdú i mo Roinn faoi láthair féachaint cén tacaíocht breise is féidir a thabhairt dóibh.