Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Jul 1983

Vol. 344 No. 9

Written Answers. - Tionsclaíocht sa Ghaeltacht.

428. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta le tionscail bhreise a chur ar fáil sa Ghaeltacht i mbliana.

Bíonn iarracht láidir leanúnach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail a bhunú agus a fhorbairt le fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Dá chomhartha sin tháining méadú anuraidh — cé gur laghduithe a tharla sna trí bliana roimhe sin — ar an líon daoine a bhí ag obair i dtionscail ar chabhraigh Gaeltarra Éireann agus an tÚdarás leo.

Top
Share