Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1987

Vol. 374 No. 1

Written Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

50. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid daoine atá fostaithe i mbliana i ngach Gaeltacht go lánaimseartha de réir obair Údarás na Gaeltachta; agus cé mhéid a bhí fostaithe go lánaimseartha iontu i 1985 agus 1986.

Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1985 agus ar 31 Nollaig 1986 i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás.

Contae

Líon fostaithe ar 31/12/85

Líon fostaithe ar 31/12/86

Dún na nGall

1,985

2,007

Maigh Eo

609

579

Gaillimh

1,375

1,331

Ciarraí

281

334

Corcaigh

284

292

Port Láirge

65

60

An Mhí

87

92

An tIomlán

4,659

4,695

Ní bheidh sonraí faoi 1987 ar fáil go dtí an bhliain seo chugainn.

Top
Share