Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Jun 1984

Vol. 352 No. 5

Written Answers. - Aerstráicí na n-Oileán.

40. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige go gcuirfí deontas ar fáil chun soilse a sholáthar ar aerstráicí na n-oileán chun sheirbhís tarrthála a chinntiú.

41. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a thabhairt le soilse a chur ar fáil ar na haerstráicí ar Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe.

Tógfaidh mé Ceist a 40 agus Ceist a 41 le chéile. Is mian le hÚdarás na Gaeltachta oiread feabhais agus is féidir a chur ar na haerstráicí ar Oileáin Árann. Níorbh fhiú smaoineamh ar shoilse a chur orthu, áfach, go dtí go mbeadh a leithéid ar an aerfort mórthíre óna mbíonn an aersheirbhís.

Top
Share