Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Jul 1985

Vol. 360 No. 5

Written Answers. - Saoráidí Iarbhunoideachais ar na hOileáin Ghaeltachta.

183. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí are eolas aici go bhfuil deacrachtaí móra ag páistí ar chuid de na hoileáin Ghaeltachta lántairbhe a bhaint as cúrsaí oideachais den dara leibhéal; agus an inseoidh sí céard atá leagtha amach aici leis an scéal a fheabhsú.

Soláthraítear saoráidí iarbhunoideachais i ngach ceantar Gaeltachta ach líon sásúil daltaí a bheith ar fáil le haghaidh na saoráidí sin. Mar is eol duit, tá scoil iarbhunoideachais ar fáil ar Inis Mór agus le déanaí thug mé cead do Choiste Ghairmoideachais, Contae Dhún na nGall, scoil iarbhunoideachais a chur ar fáil ar Oileán Árainn Mhór.

Fuarthas iarratas le déanaí aitheantas a thabhairt do mheánscoil atá beartaithe ag Comhar Caomhán Teoranta a bhunú ar Inis Oirr. Tá an t-iarratas seo faoi scrúdú i mo Roinn i láthair na huaire.

Is féidir le daltaí os na hoileáin Ghaeltachta deontais aíochta a fháil ó mo Roinn chun freastal ar scoileanna iarbhunoideachais.

Top
Share