Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Nov 1985

Vol. 361 No. 12

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

69.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state: (1) the total grants paid to Gaeltacht co-operatives since 1970 by (a) Údarás na Gaeltachta and (b) Roinn na Gaeltachta (2) the number of Gaeltacht co-operatives formed from 1 January 1970 to date; the number of co-operatives that went out of business to date; and the number of co-operatives now in business; the amount of money which it is estimated will be made available for financing Gaeltacht co-operatives in 1986, 1987, 1988; and if he will consider the possibility of having one controlling body for Gaeltacht co-operatives set up, administered and controlled by elected groups of people chosen from members of existing co-operatives.

Tá cúnamh de bhreis ar £4.7 milliúin (deontais, iasachtaí etc.) íoctha ag mo Roinnse le comharchumainn Ghaeltachta sa tréimhse 1 Aibreán 1970 go dtí 31 Deireadh Fómhair 1985, agus tuigim go bhfuil cúnamh de bhreis ar £2 milliúin (gan costas monarchana etc. ligthe ar léas a áireamh) tugtha ag Údarás na Gaeltachta/Gaeltarra Éireann sa tréimhse céanna do chomharchumainn Ghaeltachta agus dá bhfochuideachtaí.

Bunaíodh formhór na gcomharchumann Gaeltachta tar éis 1 Eanáir 1970 agus tuigtear go bhfuil timpeall 29 a fuair cúnamh ón Roinn nó ón Údarás/ Gaeltarra Éireann ag feidhmiú agus tuairim 10 nach bhfuil. Ní fios ag an bpointe seo cé mhéid airgid a bheidh ar fáil do chomharchumainn Gaeltachta sna blianta 1986, 1987 agus 1988.

Bíonn Coiste a thoghann na scairshealbhóirí freagrach as gníomhaíochtaí gach comharchumainn agus ní fheicim gá le heagraíocht den saghas a luann an Teachta.

70.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason for the delay in the payment of a home improvement grant to a person (details supplied) in County Galway.

Tá deontas séarachais ceadaithe sa chás sin anois agus déanfar íocaíocht nuair a bheidh deis ag Cigire na Roinne a dheimhniú go bhfuil an obair críochnaithe chun a shástachta.

71.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason the accounts of subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta (details supplied) have not been audited for the year 1984; if all of these companies are still in operation; if all of them are trading on a profit making basis; and if any provision has been made in the audited accounts of Údarás na Gaeltachta for 1984 for any write-offs likely to arise in the operation of any of these companies during 1984.

73.

asked the Minister for the Gaeltacht the total net profit made by all subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta for the ten years ending 31 December 1984, after taking into account such items as depreciation and interest on borrowing money from the Exchequer; and where such profit or loss has been shown in the accounts of the Údarás.

Tógfaidh mé Ceist a 71 agus Ceist a 73 le chéile.

(1) Maidir le fochuideachtaí Údarás na Gaeltachta, ní grúpa cuideachtaí iad ó thaobh cuntasaíochta de agus ní bhíonn cuntais chomhdhlúite ann dóibh. Is cuideachtaí príobháideacha iad na fochuideachtaí ar leith agus ní gnách a dtorthaí trádála — a ríomhtar de réir na ngnáthnósanna caighdeánacha cuntasaíochta— a fhoilsiú. Ní bhíonn eolas faoina dtorthaí trádála i gcuntais an Údaráis féin.

(2) Sonraítear i gcuntais an Údaráis do 1984 go bhfuil cuntais iniúchta d'Eadach Conamara Teo. ar fáil go dtí 31 Nollaig 1984. Ón uair ar cuireadh cuntais an Údaráis i gcló tá cuntais iniúchta ar fáil do Snáth Kilcarra Teo. go dtí 31 Nollaig 1984. Is cuideachtaí sealbhaíochta sócmhainní iad Óstlanna Gaeltearmann Teo. agus Saorcloch Teo. agus níl siad i mbun trádála. Tuigtear ón Údarás go bhfuiltear ag súil le cuntais iniúchta d'Óstlanna Gaeltearmann Teo. go dtí 31 Deireadh Fómhair 1985 faoi dheireadh na bliana agus do Shaorcloch Teo. go dtí 31 Nollaig 1985 go luath san athbhliain. Tá leachtaitheoir ceaptha do GPE Teo. ó 23 Meán Fómhair 1985 agus ní raibh cuntais iniúchta go dtí 31 Nollaig 1984 faighte ag an Údarás go dtí an dáta sin. Is gnó don leachtaitheoir anois críoch a chur le gnóthaí GPE Teo.

(3) Tá na cuideachtaí a luaitear ag (2) thuas seachas GPE Teo. agus an dá chuideachta sealbhaíochta sócmhainní i mbun trádála agus tuigtear ón Údarás go bhfuil siad ag feidhmiú ar bhonn brabúsach.

(4) Tuigim ón Údarás nach bhfuil soláthar déanta i gcuntais an Údaráis do 1984 do dhíscríobh infheistíochtaí sna cuideachtaí atá i gceist ag (2) thuas.

72.

asked the Minister for the Gaeltacht the amount spent by Údarás na Gaeltachta for consultancy work during each of the last ten years ending 31 December 1984.

Tá an t-eolas á chur le chéile ag Údarás na Gaeltachta agus cuirfear chuig an Teachta é chomh luath agus is féidir.

74.

asked the Minister for the Gaeltacht the number of legal actions now pending against subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta.

Is cuideachtaí príobháideacha iad fochuideachtaí an Údarás a bhfuil scaireanna ag an eagraíocht sin iontu agus dá bhrí sin ní gnách sonraí mar atá iarrtha ag an Teachta a chur ar fáil.

Top
Share