Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Dec 1985

Vol. 362 No. 14

Written Answers. - Rátaí Deontais.

40. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé eolas faoi na rátaí nua deontais d'obair feabhsúcháin ar thithe sa Ghaeltacht agus an méadú atá i gceist i ngach cás.

41. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na deontais úra maidir le scéimeanna feabhsúcháin ar thithe ar oileáin Ghaeltachta.

Tógfaidh mé Ceist a 40 agus Ceist a 41 le chéile. D'fhógair mé ar 12 Nollaig 1985 go raibh na deontais a íocann mo Roinnse chun tithe cónaithe a fheabhsú etc. méaduithe. Is iad seo a leanas na deontais nua — tugtar an sean deontas idir lúíní:

An Saghas Oibre

An Deontas Nua

£

Feabhsúchán riachtanach ar bhunchreathlach an tí

2,300 (750)

Fuinneoga agus doirse seach- tracha atá fabhtach a athnuach an

900 (—)

Méadú ar theach

2,300 (—)

Seomra Folctha

800 (600)

Córas Uisce Píopaithe

560 (360)

Córas séarachais

500 (300)

Simléar bloic/cloiche a thógáil i dteach gan simléar

800 (—)

Seanteach (a tógadh roimh

1940) a athnuachan agus a

dheisiú

5,500 (—)

Baineann na rátá nua le hoibreacha ar cuireadh tús leo ó 1 Nollaig 1985 (18 Samhain i gcás fuinneoga). Ar oileáin amach ón gcósta a áirítear mar Ghaeltacht faoi orduithe na Limistéar Gaeltachta 1956-1982, méadófar na deontais sin de 50 per cent.

Top
Share