Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 May 1986

Vol. 366 No. 1

Written Answers. - Ceíbhe i gContae na Gaillimhe.

43. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén t-airgead a caitheadh ar obair céibhe (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén obair feabhsúcháin a deineadh; an bhfuil obair fós le críochnú; an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcás.

Rinneadh na hoibreacha seo a leanas, ó 1964 i leith, ar chostas £1,609 ar mo Roinnse:

—obair dhreidireachta a dhéanamh;

—soilse oibre a chur ar fáil; agus

—na leapacha ancaireachta a ghlanadh.

Tá deontas ceadaithe le tamall chun soilse treoracha a chur ar fáil ann ach ní féidir dul ar aghaidh leis an obair go dtí go mbeidh na ceadúnais chuí faoin Acht Imeall Trá, 1933, faighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá togra á mheas freisin chun dréimire breise a sholáthar.

Top
Share