Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Tionsclaíocht sa Ghaeltacht.

4.

asked the Minister for the Gaeltacht if Údarás na Gaeltachta have informed him that they are not offering assistance to industrialists who are willing to locate in the Gaeltacht; and if he will make a statement on the matter.

6.

asked the Minister for the Gaeltacht if jobs are being lost in the Gaeltacht at present; and if jobs are being lost as a result of cutbacks in funds to Údarás na Gaeltachta.

9.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is his intention to provide additional funding for industrial development in the Gaeltacht in the current year; and if he will make a statement on the matter.

10.

asked the Minister for the Gaeltacht when he intends to increase the allocation of funds to Údarás na Gaeltachta.

13.

asked the Minister for the Gaeltacht when Údaras na Gaeltachta will be in a position to enter into contracts for projects which have been approved by the Board of Údarás na Gaeltachta.

14.

asked the Minister for the Gaeltacht the amount of shortfall in funds being experienced by Údarás na Gaeltachta and the amount of an increased allocation of capital grants needed by Údarás to meet its job creation target.

Tógfaidh mé Ceisteanna uimh 4, 6, 9, 10, 13 agus 14 le chéile.

Tá thart ar £11 mhilliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus bíonn airgead de bhreis air sin le fáil acu ó fhoinsí eile. Ní beag an cúnamh Stáit é sin ag féachaint don ghéarchéim airgeadais agus is deimhin liom go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh leis an soláthar sin ach é a chaitheamh go stuama. Is eol dom go bhfuil fadhbanna airgeadais ag an Údarás agus tuigtear uathu go bhfuil coinníoll á chur le cibé litreacha tairiscinte atá á gcur amach faoi láthair nach bhféadfar deontais a íoc go dtí go mbeidh airgead a dhóthain ar fáil. Bhuail an tAire le hionadaithe ón mbord chun an cheist in iomlán a chíoradh leo agus tá a n-iarratas ar chaipiteal vótáilte breise á bhreithniú mar ghnó práinneach faoi láthair.

Maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht bhí méadú ag deireadh gach bliana ó 1981 ar aghaidh i líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás/ó Ghaeltarra agus tá súil agam go leanfaidh an dul chun cinn sin i 1986.

An gcreideann an tAire dairíre, gur féidir leis an bhfostaíocht méadú sa Ghaeltacht nuair atá laghdú déanta ag an Rialtas seo ar airgead chaipitil an Údaráis agus an n-aontódh sé freisin go bhfuil £2.5 mhilliún ar a laghad ag teastáil ón Údarás má tá siad chun aon phost amháin nua a chruthú i 1986?

Níl laghdú tagtha ar an méid airgid atá á chur ar fáil. Tá a fhios go maith ag an Aire agus ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil deacrachtaí ag an Údarás ó thaobh airgeadais de agus, mar adúirt mé cúpla noiméad ó shin, tá iarratas an Údaráis ar chaipiteal vótálta breise á bhreithniú go práinneach.

Nuair a deireann an tAire go bhfuil sé á bhreithniú go práinneach nach é atá i gceist aige ná gur shocraigh an Rialtas nó go ndearna siad ofráil do Roinn na Gaeltachta go dtabharfaidís £800,000. Ach ní leór ocht gcéad míle punt nuair atá £2.5 mhilliún breise ar a laghad ag teastáil.

Níl a fhios agam an bhfuil seans ann go bhfuil dul amú ar an Teachta. Is é an soláthair atá déanta i mbliana de chaipiteal vótálta——

Ní hea, £800,000 de bhreis.

——le seachtain anuas ná £4,175,000.

Tá a fhios ag an Aire go maith céard atá i gceist agam ach níl sé sásta é a admháil. An bhfuil a fhios ag an Aire gur cuireadh an tÚdarás agus Gaeltarra Éireann ar bun le postanna a chruthú agus an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a iarraidh ar an Údarás leanúint ar aghaidh le postanna a chruthú?

Tá a fhios agam go maith gur cuireadh an tÚdarás ar bun chun na postanna a chruthú go príomha. Tá sé ar intinn ag an Rialtas go leanfadh an tÚdarás ar aghaidh ag cur postanna ar bun. Mar adúirt mé tá deacrachtaí áirthe ag an Údarás faoi láthair ar thaobh an chaipitil de agus tá na deacrachtaí sin agus an t-éileamh atá déanta ag an Údarás á scrúdú.

An dtuigeann an tAire, a bhí mar Aire Airgeadais, nuair a dhiúltaigh sé an t-airgead seo a thabhairt don Údarás, cé chomh dona agus atá an scéal ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair, agus go bhfuil baol mór ann an tseachtain seo go bhfuil tionnsclóirí a fuair litir ceadúcháin ón Údarás leis an gcoinníoll a luaigh an tAire scríofa isteach ann, go bhfuil baol mór ann go gcaillfidh an tÚdarás na tionnsclóirí sin; go rachaidh siad taobh amuigh den Ghaéltacht nó fiú b'fhéidir taobh amuigh den tír agus an n-aontódh sé go bhfuil 607 bpost lánaimseartha agus 80 post páirtaimseartha ag brath ar chinneadh an Rialtais £2.5 mhilliún punt breise a thabhairt don Údarás?

Ní aontóinn leis an Teachta gur dhiúltaigh mé airgead don Údarás a fhad is a bhíos i mo Aire Airgeadais. Tá sé ráite agam cheana féin go bhfuil iarratas ón Údarás á iniúchadh go práinneach. Tá a fhios go maith agam cad é mar atá an cás ag an Údarás, ní hamháin mar Aire Airgeadais nuair a bhí mé ann ach mar chomhalta den Rialtas atá ann faoi láthair.

Níl mise sásta leis an bhfreagra atá an tAire ag tabhairt dom agus tá sé i gceist agam na ceisteanna seo a bhaineann liomsa a ardú ar an athló, le cead uaitse.

Top
Share