Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Jul 1986

Vol. 368 No. 10

Written Answers. - Líne Gháis go Dtí Gaillimh.

24. D'fhiafraigh

den Aire Fuinnimh an sínfidh sé an líne gháis chomh fada le cathair na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin ábhar.

Tá sé mar chúram an Bhord Gáis Éireann tairiscintí a mheas maidir le soláthar gáis nádúrtha a shíneadh go dtí limistéir nó tomhaltóirí ar leith.

Déanfar an scéal a bhreithniú i gceann tamaill maidir le líne gháis a shíneadh go dtí áiteanna ar nós na Gaillimhe nach bhfuil soláthar gáis acu faoi láthair, ach ní bheadh sé réalaíoch bheith ag súil le soláthar go ceann tamaill fhada. Freisin, agus tá sé seo ríthábhachtach, nuair a bhíonn sé i gceist líne gháis a shíneadh go dtí aon cheantar ar leith tá dhá ghné bhunúsacha den cheist le cur san áireamh, is iad san, go mbeadh margadh flúntach ar bhonn tráchtála ar fáil sa cheantar agus go mbeadh an ceantar atá i gceist i ngar don phríomhlíne gháis.

Top
Share