Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Jul 1986

Vol. 368 No. 10

Written Answers. - Taiscealadh Mianraí.

25. D'fhiafraidh

den Aire Fuinnimh an bhfuil sé i gceist aige scéimeanna feabhsaithe a thabhairt isteach chun taiscéaladh íle, gáis agus mianraí a spreagadh.

Maidir le taiscéaladh mianraí aithním go bhfuil infheistiú ag meath de bharr an iomairce miotail a bheith san mhargadh miotálach idirnáisiúnta. Níl aon phlean agam i láthair na h-uaire scéim nua ar bith a thosnú a thabharfadh spreagadh do thaiscéaladh mianraí, ach le fada an lá táim ag fanúint ar mholtaí ó mhuintir tionscal mianraí. I láthair na h-uaire áfach, tá staidéar á dhéanamh sa Roinn agam, agus táim ag súil go dtiocfaidh as seo torthaí fiúntacha le cur faoi bhráid an lucht gnó sin lena mbreithniú.

Maidir le taiscéaladh ola agus gáis, mar adúbhras le déanaí nuair a bhí Meastachán mo Roinne á phlé sa Dáil, cuireann an cliseadh i luach ola isteach go mór ar taiscealadh, agus dá bharr san, d'fhógair cuid de na comhlachtaí ola mór-ghearradh in a gcáin fhaisnéis taiscéalaíochta. In ainneoin sin ba chóir go mbéadh leithbhéal réasúnta obair taiscéalaíochta ar siúl in Uiscí na h-Éireann i rith na blianta seo chugainn, ag cur san áireamh an méid a thagann as an dTríú Eisiúint Foirmiúil de Cheadúnais.

Ach, mar adúbhras ag an am sin, ní mór dúinn féachaint thar obair ag teacht ó dhualgaisí, mar is le maitheas na h-Éireann i dteannta le maitheas na gcomhlachtaí ola agus le maitheas tíortha an Iarthair go ginereálta, go leanfar le taiscealadh san tréimhse seo de phraghasanna ísle.

Tá fhios ag cách gurb é luach ard leanúnach an gríosú is fearr don taiscéaladh, ach b'fhéidir go gcaithfear teacht ar bhealach eile chun gluais a choinneáil len ár gclár taiscéalaíoctha. De bharr an tionnchair atá ag praghasanna an lae inniu ar obair taiscéalaíochta, táim ag smaoineamh ar chéimeanna breise a bheidh orainn a thógaint, más gá, le gríosú taiscéalaíochta breise in Éirinn ins na blianta atá romhainn, gan an iomarca cur isteach ar maithe iomlán na tíre. Maidir le seo, cuirfear san áireamh dearcadh na gcomhlachtaí ola mar aon le dearcadh saineolaithe cuí idirnáisiúnta. Ag an am céanna, caithfimíd coimeád i gcuimhne go bhfuil sé riachtanach bheith in ann dul i gcomórtas le tíortha eile, go háirithe le tíortha iar-thuaisceart na hEorpa. Tá súil agam, go mbeidh ár staidéir críochnaithe sar i bhfad.

Top
Share