Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oifigigh Phearsanta Caidrimh Phoiblí.

30. D'fhiafraigh

den Aire Cosanta an ndéanfaidh sé léiriú soiléir ar chúraimí a oifigigh phearsanta caidrimh phoiblí, an bhfuil siad sin in árach le gnáthstruchtúir sa Roinn Chosanta agus san Arm agus an ndéanfaidh sé ráiteas iomlán ina leith.

Tá comhlacht chomhairleoirí chaidrimh phoiblí fostaithe don Roinn Cosanta agus do Roinn na Gaeltachta. Siad príomh dualgais an chomhlachta ná:—

(a) polasaí an Aire agus an Rialtais i leith cúrsaí Cosanta agus Cosanta Sibhialta agus i leith gnóthaí a bhaineann leis an nGaeltacht, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn chomh éifeachtaí agus is féidir;

(b) cáil an Aire, an Aire Stáit agus an dá Roinn a chosaint, a chur chun cinn agus a fhorbairt; agus

(c) óráidí na nAirí, ábhar le haghaidh foilsiú, srl. a ullmhú agus a scrúdú mar is gá.

Is freagra diúltach atá ar an dara chuid den cheist, is é sin nach bhfuil na cúraimí sin in árach le gnáthstructúir sa Roinn Cosanta agus san Arm.

An inseodh an t-Aire dúinn cé mhéid daoine as an chomhlacht caidrimh poiblí sin atá ag obair don Roinn Chosanta agus do Roinn na Gaeltachta, agus cén obair a rinne siad ar son leathnú na teanga i mbliana nó ón lá ar tháinig siad isteach ag obair don dá Roinn ar a bhfuil siad ag freastal?

De ghnáth bímse ag plé le duine amháin as an gcomhlacht sin. Bhí tráthanna ann nuair a bhí mé ag plé le níos mó ná duine amháin. Tá a lán cásanna ina raibh an comhlacht sin páirteach i bhforbairt nó in úsáid na teanga. Aon uair go mbíonn óráid le déanamh ar son Aire na Gaeltachta nó ar son an Aire Cosanta bíonn an comhlacht sin ag tabhairt chomhairle agus i dteagmháil leis na háisíneachtaí poiblíochta, páipéir nuachta, an raidió agus an teilifís agus áiteanna nach iad le cinntiú go bhfaighidh cibé rud atá le rá an phoiblíocht is fearr agus is dual dó.

Nach mbeadh sé fíor go bhfuil foireann na Roinne in ann na rudaí sin a dhéanamh agus an inseodh an tAire don Teach seo cé mhéid airgid nó cé mhéid daoine atá á íoc as an Roinn nó——

Thug mé an t-eolas sin cheana sa Teacht. Níl an t-eolas sin agam anois. An comhlacht a bhfuil mise ag plé leis, tá conradh sínithe leis agus tá figiúir faoi——

Cén praghas atá air?

Níl an t-eolas sin agam. Tá mé sásta an t-eolas a chur ar fáil don Teachta go han-luath. Mar a deirim, níl sé agam anseo agus b'fhearr liom a bheith cruinn. Cuirfidh mé ar fáil dó é.

Ar chuir an tAire riamh ordú do Cheann Foirne an Airm nó do Fhoireann an Airm go bhfreagrófaí aon cheisteanna eolais phoiblí trín chomhlacht seo? Nach bhfuil sé fíor go bhfuil struchtúir chaidrimh phoiblí ag an Arm agus go bhfuil oifigeach eolais lánaimseartha ag an Roinn Cosanta agus go bhfuil oifigeach eolais i ngach fo-roinn den Arm ar fud na tíre? An bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do mhuintir na tíre seo atá ag íoc cánach, daoine mar seo a bheith ag obair don Aire?

Ní rud nua ar bith é seo. Sula raibh an Teachta sa Teach seo d'fhéadfainn ainmneacha a lua de dhaoine a raibh córas caidrimh acu. Bhí sé sin i gcónaí ann. Tá na daoine seo ann agus tá siad ag plé leis an Arm agus leis an taobh nuachta den Arm. Sin an dualgas atá orthu. Ní chuirim isteach orthu, beag nó mór. Tá jab le déanamh acu, tá an jab sin á dhéanamh acu i gceart de réir ghnáthnósanna an dualgais atá orthu le caidreamh poiblí a dhéanamh ar son an Airm. Níl aon chur isteach dá laghad air sin. Is mise go pearsanta a bhíonn ag plé leis an gcomhlacht caidrimh seo agus níl aon bhaint ag an gcomhlacht leis an Arm.

Ar chuir an tAire ordú riamh chuig an gCeann Foirne nó chuig lucht Fhoireann an Airm gan na ceisteanna poiblí a bheith á bplé acu ach tríd an gcomhlacht caidrimh phoiblí seo?

Inseoidh mé don Teachta cén rud atá le déanamh agamsa agus ag an bhfear atá ag obair dom ar son chaidrimh phoiblí. Bímse ag plé le fear amháin sa chomhlacht i gcónaí agus bíonn plé ag an bhfear sin i gcónaí le rudaí a bhaineann liomsa go pearsanta mar Aire. Ní chuirimse isteach beag nó mór ar chaidreamh poiblí an Airm nó rudaí míleata.

An dtuigeann an tAire——

It is most unfair. The Deputy has taken up nearly two thirds of the time for two fifths of the question.

Nach bhfuil——

Top
Share