Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Traenálaí sa Státseirbhís.

33. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an mbeidh an míle traenálaí sa Státseirbhís iomarcach go gairid agus an bhfuil sé fíor, faoi mar a chreideann uimhir shubstaintiúil dena daoine sin, go bhfaighidh sciar mór díobh obair lánaimseartha sheasta sa Státseirbhís.

Tugadh isteach míle duine óg mar Oiliúnaithe Cléireachais Sealadacha ar feadh bliana anuraidh. Tháinig seachtó-cúig faoin gcéad acu isteach ídir deireadh Mí na Samhna agus deireadh Mí na Nollag 1985 agus an chuid eile i rith 1986.

Beidh a dtréimhsí mar Oiliúnaithe thart bliain ón lá a tháinig siad isteach sa Státséirbhís mar is léir sa chonradh a ghlac siad. Mar a fógraíodh sa Pháipéar Bán, beidh seans acu cur isteach ar chomórtas speisialta chun buanphoist a fháil mar Chúntóirí Cléireachais. Beidh an comórtas ar siúl an mhí seo agus beidh céad post ar fáil.

Creidim go rachaidh an taithí a fuair siad chun tairbhe dóibh nuair a bheidh siad ag cur isteach ar phoist amach anseo. Tá áthas orm a rá go bhfuil buanphoist faighte cheana féin ag níos mó ná céad caoga (150) de na hoiliúnaithe.

An bhfuil se ar intinn ag an Aire go rachaidh na daoine seo arais ar an dole gan aon seans acu post a fháil san seirbhis phoiblí. Cén fáth nach bhfuil an tAire sásta an míle duine seo a choimeád sa Státseirbhís fad is atá leibheál oideachais agus taithí sásúil acu?

The fundamental purpose of this scheme was that it would be a work experience programme. We talked about this earlier. We have school leavers now coming on stream who want to apply to be part of this year's intake. As I mentioned, there is no question of throwing them on the dole queue. A sufficient number of them have already got permanent employment. Around 100 of them will get jobs in the special competition we are holding for them. I am convinced that the work experience gained by the balance will give them a great opportunity in the job market.

Top
Share