Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Written Answers. - Úsáid na Gaeilge sna Rannóga Stáit.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblían ndearnadh aon scrúdú le gairid ar cén dul chun cinn atá á dheánamh ag na Ranna Stáit maidir le leathnú úsáid na Gaeilge i ngach Rannóg Stáit agus an inseoidh sé cén toradh a bhí ar an bhfiosrúchán.

D'ullmhaigh Bord na Gaeilge tuarascálacha faoin dul chun cinn a rinneadh sna blianta 1983-84 agus 1984-85. Cuireadh faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas iad.

Tá an tuarascáil don bhliain dár chríoch 31 Márta 1986 á cur le chéile faoi láthair ag an mbord agus cuirfear faoi bhráid an Oireachtais í sula bhfoilseofar í. Os rud é go dtugann na tuarascálacha ó Bhord na Gaeilge cuntas ar an dul chun cinn atá déanta i Ranna Stáit, meastar nach bhfuil gá le suirbhé ar leith den saghas a luaigh an Teachta.

Ina theannta seo tagann Comhairle an Láraonad Forbartha le chéile gach sé seachtain nó mar sin, chun an dul chun cinn a phlé agus chun deacrachtaí a réiteach.

Top
Share