d'Aire na Gaeltachta céard é polasaí Roinn na Gaeltachta maidir le cuidiú dearfa a thabhairt do naí scoileanna ar fud na Gaeltachta.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Naí Scoileanna Ghaeltachta.
Is é Údarás na Gaeltachta a thugann cúnamh do naíonraí sa Ghaeltacht agus tuígim uathu go mbítear sásta breithniú báúil a dhéanamh ar iarratas ó aon choiste tuismitheoirí sa Ghaeltacht a bhfuil fonn air naíonra lánGhaelach a bhunú.
An n-aontódh an tAire go bhfuil gá le cuid mhaith cuidiú a thabhairt do naíscoileanna agus go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo maidir le múineadh na Gaeilge a chur chun cinn? An n-aontódh sé go bhfuil easpa airgid ar an Údarás agus nach dtig leo an oiread is ba mhaith leo a dhéanamh maidir leis na cúrsaí seo a chur chun cinn?
Tá a fhios ag an Teachta Gallagher go bhfuil cúnamh á fháil ag 49 naíonraí faoi láthair agus nuair a bhíonn an tÚdarás sásta leis an gcóiríocht, le fiúntas an chláir oibre agus le stiúrthóir an naíonra bíonn tacaíocht le fáil acu; agus iarratas a bheith istigh acu chuig an Údarás déaneann siad breithniú báúil air ón taobh sin de.
Ó tharla go bhfuil na milliúin punt nó ainm is na milliúin punt caite ag an Aire Stáit seo ina Dháilcheantar féin nó geallta aige le roinn seachtainí anuas ó thaobh leathnú ar scoileanna agus scoileanna nua agus mar sin de, an bhféadfadh sé a insint dúinn cé mhéid naíscoil nua atá ceadaithe i gContae Mhaigh Eo agus cé mhéad naíscoil atá ann faoi láthair ag obair?
Sílim nár ceadaíodh aon naíscoil nua i gContae Mhaigh Eo.
Go fóill.
Le déanaí nó go fóill. Níl a fhios agam céard faoi atá an Teachta ag caint ansin.