Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Mar 1987

Vol. 371 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Eastát i bhFál Carrach (Dún na nGall).

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Údarás na Gaeltachta Eastát Bhaile Chonaill, An Fál Carrach, a cheannach agus an bhfuil aon socrú déanta ina thaobh.

Tá breithniú á dhéanamh ar an gcás seo i láthair na huaire.

An aontódh an tAire Stáit go mbeadh na háiseanna atá ar fáil ar an eastát seo an-tairbheach don phobal Gaeltachta sin dá bhfaigheadh an tÚdarás cead ón Rialtas an t-eastát a cheannach?

Thabharfadh sé buntáistí móra don cheantar dá mbeadh an áit seo ar fáil acu, ach tá cuid mhaith airgid i gceist. Tá coiste áitiúil tofa agus tá cuid mhaith rudaí gur chóir a scrúdú sula gcaithfí an t-airgead atá i gceist.

Ó tharla go bhfuil an t-eastát seo níos lú ná uair an chloig ón Teorainn an aontódh an tAire go gcothófaí muintearas agus carthannacht i measc daoine óga thart faoin reigiún sin dá gcuirfí an t-eastát seo ar fáil dóibh. An bhféadfaí úsáid a bhaint as airgead eile, mar shampla, ón chiste Angla-Eireannach?

Is dócha go gcuirfear gach rud mar sin san áireamh nuair a bheas cinneadh á dhéanamh. B'fhéidir go bhfuil buntáistí ann ach tá cuid mhaith airgid i gceist agus ní mór dianscrúdú a dhéanamh ar gach gné den togra atá luaite.

An bhféadfadh an tAire a rá díreach cén uair a chuaigh an t-iarratas isteach chuig an Rialtas?

Tháinig sé chugainn tús Mhí Márta, trí seachtainí ó shin.

An ndéanfar cinneadh go luath — roimh an Cháisc?

Ní thiocfadh liom freagra dearfa a thabhairt air sin. Cuirfear gach gné den togra faoi scrúdú sula ndéanfar an cinneadh.

Top
Share