Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Apr 1987

Vol. 371 No. 8

Written Answers. - Bunscoileanna Lan-Ghaelacha i gCorcaigh.

220. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici aitheantas oifigiúil a thabhairt do dhá bhunscoil lán-Ghaelacha i gCorcaigh agus do cheann i Luimneach, ar dhiúltaigh an Roinn iarratais uathu agus atá go fóill ag feidhmiú go neamh-oifigiúil.

Nuair a bhí na hiarratais ó chathracha Luimní agus Chorcaí á meá, ba é tuairim na Roinne go raibh na háiteanna i gceist do na scoileanna i bhfoisceacht réasúnta do Mhodh Scoileanna Lán-Ghaeilge Luimní agus Chorcaí faoi seach, mar a bhfuil dóthain spáis chun freastal ar an éileamh. Ar an ábhar sin, ní raibh an Roinn sásta aitheantas a thabhairt do na scoileanna nua.

Níl sé i gceist agam na hiarratais seo a cheadú faoi láthair.

Top
Share