Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 May 1987

Vol. 372 No. 11

Written Answers. - Gaeltacht Housing Grants.

48.

asked the Taoiseach the townlands and district electoral divisions in each county which is included and recognised as being in Fíor Gaeltacht or Breac Gaeltacht areas and from which people are eligible to apply for housing grants subject to the usual conditions, under the appropriate Roinn na Gaeltacha scheme.

Chun críche deontais tithí-ochta, sonraítear in Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, arna leasú ag Acht na dTithe (Gaeltacht), (Leasú), 1959, agus ag Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1967, gurb ionann an Ghaeltacht agus na toghranna ceantair a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. Leasaíonn Alt a 7 d'Acht 1959 agus Alt a 2 d'Acht 1967 an Sceideal sin. Tá na deontais seo a leanas, atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929-1979, teoranta do na limistéirí Gaeltachta mar a shon-raítear iad in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956-1982:

(a) Deontas chun teach nua a thógáil ag iarratasóir nach bhfuil teach aige cheana; (b) Deontas chun seomra(í) breise a thógáil do chuairteoirí; (c) Deontas chun feabhsú a dhéanamh ar theach eile d'iarratasóir a bhfuil teach maith aige cheana; agus (d) Deontas chun brú a thógáil nó a fheabhsú.

Top
Share