Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Jun 1987

Vol. 373 No. 13

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais Tithe Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil a fhios aige go bhfuil deacrachtaí ag daoine atá ina gcónaí ar oileáin amach sa bhfarraige maidir le freagairt don riachtanas nach n-íocfar deontaisí tithe Gaeltachta ach amháin i gcásanna ina ndéantar an obair trí thógálaithe cláraithe, agus an ndéanfaidh sé an riachtanas sin a athrú.

Is gá ó 1 Nollaig 1985 ar aghaidh (1 Deireadh Fómhair 1986 i gcás tithe nua) uimhreacha cánach na gconraitheoirí a dhéanfaidh na hoibreacha a thabhairt sula bhféadfar glacadh le hiarratais ar chúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Is eol dom go mbíonn fadhbanna ar leith le sárú ar oileáin agus is dá bharr sin atá na huasdheontais faoi na hAchtanna 50 faoin gcéad níos airde ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta ná mar atáid ar tír mór.

An nglacfaidh an tAire go bhfuil a lán daoine ar na hoileáin nach bhfuil in ann aon tairbhe a bhaint as na deontais seo os rud é nach féidir na rialacha a chomhlíonadh mar nach bhfuil conraitheoirí cláraithe ar fáil ar na hoileáin seo?

Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí ar chuid de na hoileáin ach tá cead ag na comharchumainn tabhairt faoi obair den chineál seo. Tá conraitheoirí cláraithe ar oileáin áirithe; cuir i gcás, ar Oileán Árainn, Inis Mór, tá beirt no triúr acu.

An nglacfaidh sé nach bhfuil conraitheoir cláraithe ar Inis Meán ná ar Inis Oirr, go bhfuil obair déanta ag daoine chun a dtithe a dheisiú, nach bhfuil an Roinn sásta deontas a íoc leo, gur daoine bochta iad seo nach bhfuil morán airgid acu. Bhí siad ag súil le deontas os rud é go raibh siad ag deisiú, ach anois níl an Roinn sásta an deontas a íoc. I gcásanna go bhfuil eolas agamsa futhu agus go bhfuil na tithe feicthe agam, tá an obair leath-chríochnaithe agus daoine in a gcónaí i dtithe nach bhfuil i gceart ar chor ar bith. Cinnte caithfidh an tAire a admháil gur uafásach an rud é daoine a fhagáil mar sin.

Tá comharchumainn sna hoileáin a luaigh an Teachta atá cláraithe chun tabhairt faoin obair seo. Mar atá a fhios aige chomh maith, sula gcuireann duine ar bith iarratas isteach le haghaidh deontas den chineál seo, caithfidh na coinníollacha a bhaineann leis an deontas a bheith comhlíonaithe agus sílim go dtuigeann daoine a chuireann isteach do na deontais na coinníollacha sin. Má tá na coinníollacha comhlíonaithe, íocfar na deontais leo.

Níl sé fíor gur thuig na daoine go raibh na rialacha seo ann. Seo athrú a rinneadh ar an mórthír chun teacht suas le daoine nach raibh ag íoc cánach. Caithfidh an tAire a admháil nach raibh muintir na n-oileán i gceist nuair a cuireadh an riail seo i bhfeidhm agus iarraim ar an Rialtas anois an riail seo a fhagáil i leataobh dóibh siúd atá in a `gcónaí amuigh ar na hoileáin. Baineann sé leis hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht chomh maith — Inis Bó Finne i mo dháilcheantar fein.

Ná bac leis an óráid.

Is rud an-seafóideach é nach bhfuil daoine ——

An nglacann an tAire

Tá do dhóthain agatsa. Caithfimid dul ar aghaidh le ceist eile anois.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an cheist seo ar na hoileáin agus sin rud atá á phlé i láthair na huaire ag an gcoiste Airí ata bunaithe agus atá ag déanamh scrúdaithe ar na deacrachtaí atá ag muintir na n-oileán. Beidh siad ag cur moltaí os comhair an Rialtais maidir leis an gceist sin.

Dúirt an tAire in a fhreagra gur féidir úsáid a bhaint as chomharchumann atá cláraithe, nach gá go mbeadh conraitheoir ar an oileán. An bhfuil sé de cheart acu é sin a dhéanamh ón tús nó an athrú é sin ar an riail? Cad mar gheall ar na daoine a chuir isteach iarratas sula a ndéanadh athrú sa riail? Chomh fada agus is eol dom, tá daoine ar Oileán Thoraigh nár éirigh leo an deontas a bhaint amach mura raibh conraitheoir cláraithe acu.

Tá na comharchumainn cláraithe le tabhairt faoi obair thógála agus má bhíonn na comharchumainn i mbun na hoibre seo ar na hoileáin, beidh ar chumas duine a chuireann isteach iarratas deontas a fháil.

Top
Share