Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Jun 1987

Vol. 373 No. 13

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontas Reachtála do Chomharchumann.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad is cúis leis an moill a bhaineann le híoc Deontaisí Bainisteoireachta chun dul chun cinn a dhéanamh le cónascadh idir Forbairt Rosmuc Teoranta agus Comharchumann Chonamara Thiar mar atá ceadaithe cheana féin.

Le blianta beaga anuas bhíothas ag iarraidh teacht ar shocrú faoina bhféadfadh an Roinn deontas reachtála a íoc le comharchumann amháin a fhreastalódh ar an gceantar i gceist. Tá fadhbanna áirithe a bhaineann leis an socrú sin nach bhfuil réitithe go fóill.

An bhfuil sé fíor go molann Roinn an Aire féin go mbeadh cónascadh idir Forbairt Rosmuc Teoranta agus Comharchumann Chonamara Thiar? Má tá a Roinn i bhfábhar an chónasctha sin, cén fáth go bhfuil an mhoill seo ann, mar tuigim go bhfuil achar fada caite ó ceadaíodh an rud seo ar dtús?

Tá rudaí áirithe nach bhfuil réitithe go fóill ó thaobh an chomharchumainn seo. Nuair a bheas chuile shórt i gceart beimid in ann tuairim a thabhairt faoi céard is ceart don Roinn a dhéanamh.

An bhfuil sé fíor go bhfuil an bainisteoir ceaptha cheana féin?

Tuigim go bhfuil fear atá beagnach trí scór go leith bliain d'aois ceaptha mar bhainisteoir agus atá ar phinsean ón phost a bhí aige cheana. Tá sé sin ceaptha ag an gcomharchumann áitiúil.

Top
Share