Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1987

Vol. 374 No. 1

Written Answers. - County Donegal Firm.

48.

asked the Taoiseach the grants which have been requested by a firm (details supplied) in County Donegal; the further assistance which has been given in view of the small amount already paid out in contrast to far larger amounts paid to other firms which have since proved not to have the same viability; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

— gur ceadaíodh cúnamh (idir deontais chaipitil agus oiliúna) dar luach £44,121 don tionscal atá i gceist agus gur íocadh suim £29,244 (deontais chaipitil amháin) leis an gcuideachta nó le cuideachta léasála thar a ceann. Chomh maith leis sin ceadaíodh fóirdheontas úis dar luach £3,749 agus íocadh suim £758 leis an gcuideachta;

— go raibh deacrachtaí ó thús leis an gcuideachta maidir le caighdeán na monarchan de chuid an Udarás ina bhfuil an tionscal lonnaithe (monarcha nach raibh críochnaithe nuair a bhog an gnó isteach ann ar iarratas ón bpríomhaí féin agus a bhí le críochnú (ach nár críochnaíodh) aige ar phraghas réasúnta a bhí le haontú);

— nár íoc an chuideachta aon chíos riamh i leith na monarchan sin;

— gur thángthas ar réiteach i dtaobh na ceiste uile (i.e., léas ar an monarcha, cíos, obair fheabhsúcháin a bhí le déanamh) i 1985, gur cláraíodh an comhaontú sa Chúirt Chuarda ach nár chomhlíon an chuideachta an chud den chomhaontú sin a bhain léi;

— go raibh deontais a bheadh le híoc sa ghnáthshlí leis an gcuideachta á gcoimeád siar agus á gcur in aghaidh riaráistí cíosa atá dlite don Údarás; agus

— go gcaithfear an cás a chur faoi bhráid na cúirte arís go luath mura gcomhlíonfaidh an chuideachta an comhaontú a rinneadh i 1985.

Maidir leis an tagairt do chuideachtaí eile sa cheist is amhlaidh go ndéanann an t-Údarás gach iarratas ar chúnamh a mheas de réir tuillteanais an cháis.

Top
Share