Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1987

Vol. 374 No. 1

Written Answers. - Cáblacharr do Inis Bigil (Maigh Eo).

51. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil socrú agus cinneadh déanta aige go fóill i dtaobh cáblacharr a chur ar fáil do mhuintir Inis Bigil, Contae Mhaigh Eo, mar a luadh sa tuarascáil atá aige le fada.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta ar 10 Meitheamh 1987, is togra é seo lena mbainfeadh costas ard. I ngeall ar na srianta ar chaiteachas i láthair na huaire, tuigfidh an Teachta nach mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an togra agus, go háirithe, ar na foinsí as a bhféadfaí é a airgeadú. Tá an breithniú sin ar siúl go fóill.

Top
Share