Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1987

Vol. 374 No. 1

Written Answers. - Bóithre Ghaeltacht Chonamara.

52. D'Fhiafraigh

den Taoiseach cén plean atá ag an Rialtas chun deisú ceart a chur ar staid uafásach bhóithre Ghaeltacht Chonamara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Soláthar £200,000 atá ar fáil do Roinn na Gaeltachta le caitheamh ar bhóithre áise i mbliana agus tá £61,492 de sin geallta do bhóithre i nGaeltacht na Gaillimhe.

Ní mór a mhíniú gurb í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach go príomha as feabhsú agus cothú na mbóithre poiblí i nGaeltacht Chonamara. Tuigim ón Aire Comhshaoil gur cuireadh deontas £1.08m. ar fáil don Chomhairle i mbliana chun bóithre chontae a fheabhsú móide deontas £1.055m. chun oibreacha ginearálta a dhéanamh ar bhóithre. Is ceist í don Chomhairle féin an t-airgead sin a dháileadh ag féachaint do riachtanais na gceantar éagsúla. Faoi mar is eol don Teachta, cuireann an chomhairle chontae airgead ar fáil chomh maith as a cuid acmhainní féin le caitheamh ar bhóithre.

Top
Share