Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Oct 1987

Vol. 374 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aer Árann.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid a bheidh le fáil ag Aer Árann i 1988 agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil suim nach mó ná £137,000 ceadaithe acu don bhliain dar críoch 31 Márta 1988 mar chabhair d'Aer Árann chun aer sheirbhís a chur ar fáil do na hOileáin Árann. Déanfar cinneadh faoin mbliain 1988-89 an bhliain seo chugainn.

An bhfuil an tAire sásta go mbeidh Aer Árann, leis an chabhair sin, in ann córas seirbhíse éifeachtúil a chur ar bun do na hoileáin?

Fuair siad £107,000 anuraidh. Is é an tÚdarás a dhéanann an leagan amach ar an airgead a bheas le fáil ag Aer Árann. Agus tá mé cinnte, ó tharla go bhfuil an tseirbhís tábhachtach do Oileáin Árann, go bhféachfaidh siad leis an tseirbhís sin a choinneáil ar siúl chomh maith agus is féidir leo.

An bhfuil sé intuigthe ón méid a dúradh go bhfuil sé mar choinníoll leis an gcostas go mbeidh Aer Árann i gcúram paicéid agus litreacha a thabhairt do Oileáin Árann, go háirithe sna hamanna nach bhfuil sé ar chumas na mbád taisteal go dtí na hoileáin?

Is é Aer Árann féin a leagann amach an clár i gcóir freastal ar na hoileáin. Ach níl a fhios agam go díreach céard tá i gceist ag an Teachta nuair atá sé ag caint faoi phaicéid.

Mar chabhair don Aire Stáit, mar a tharlaíonn sé faoi láthair go minic nuair nach féidir leis na báid litreacha agus paicéid a thabhairt go dtí na hoileáin níl sé intuigthe go mbeidh seirbhís eile ar fáil ó Aer Árann do na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin má tá siad gan phost. Ar uaire tarlaíonn sé go mbaintear úsáid as na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag Aer Árann, ach ní tharlaíonn sé mar rud gnách. Sin díreach an rud atá i gceist agam.

A Leas-Cheann Comhairle, táimid ag caint faoi sheirbhís, agus is í an cheist a chuir mé ar an gcéad dul síos ar an Aire Stáit ná an raibh sé intuigthe go mbeadh sé mar chuid den tseirbhís go mbeadh na seirbhísí práinneacha seo ar fáil do na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin.

Seo mar a thuigimse an scéal: gur conradh atá ann idir An Post agus CIÉ i gcomhair seirbhís do Oileáin Árann. Ach is dócha dá mbeadh drochaimsir ann agus go raibh deacrachtaí maidir leis an bpost a chur isteach go bhféadfaí réiteach a dhéanamh le Aer Arann leis an tseirbhís sin a chur ar fáil.

Top
Share