Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Oct 1987

Vol. 374 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas £10.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén céatadán gasúr scoil a fuair an deontas £10, i ngach scoil Ghaeltachta, don bhliain 1980-81 agus don bhliain 1985-86.

Thuill 7,313 dalta an deontas £10 sa bhliain 1980-81 agus thuill 6,818 ndalta an deontas sin i 1985-86. Cuirfear eolas chuig an Teachta a luaithe is féidir faoin líon a thuill an deontas i ngach scoil Ghaeltachta faoi leith. Is ag an Roinn Oideachais a bheadh eolas cruinn faoin líon dalta a bhí ar an rolla in aon bhliain ar leith ach caithfear a chur san áireamh nach mbaineann an scéim leo siúd atá faoi bhun sé bliana d'aois.

Tá mé buíoch den Aire as ucht an eolais atá tugtha aige. Ach séard a bhí i gceist agam sa cheist ná an céatadán gasúr scoile a fuair an deontas. Is é sin, caithfidh tú na daoine atá ag fáil an deontais a chur de réir líon na ndaltaí iomlán sna scoileanna atá i gceist.

Tuigim an rud atá i gceist, ach is é an deacracht atá ann an t-eolas a fháil do gach scoil. Ní bhíonn an t-eolas sin ag Roinn na Gaeltachta féin. Táimid á iarraidh ar an Roinn Oideachais, agus a luaithe a bheas sé faighte ón Roinn Oideachais cuirfimid chuig an Teachta é.

Top
Share