Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Oct 1987

Vol. 374 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Úsáid na Gaeilge.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon phleananna aige chun cosaint dlí a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta maidir le húsáid Ghaeilge in aon teagmháil a bhíonn acu leis an státchóras agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh.

Tá lán-chead ag duine ar bith an Ghaeilge a úsáid i gcibé gnó a bhíonn aige leis an Stát. Cé gur eol dúinn nach mbíonn an scéal sásúil i gcónaí, measaim gur fearr leanacht ar aghaidh ag cothú dea-thola chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a neartú.

Caithfidh mé a chur in iúl don Teach gur gearradh siar an cheist a chuir mé isteach toisc gur ceapadh gur bhain cuid di leis an Roinn Dlí agus Cirt. Ach ós rud é go bhfuil an cheist mar atá sí faoi láthair, ba mhaith liom an cheist bhreise seo a chur ar an Aire Stáit. Is é rud a bhí i gceist agam ná an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas faoi láthair scríobh chuig na Ranna Stáit éagsúla agus chuig na ranna áitiúla, a aimsiú go beacht go bhfuil sé mar cheart dlí ag na daoine sin atá ag baint úsáid as an nGaeilge gach lá a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis na Ranna Stáit. Mar shampla, tá daoine tuirseach ós comhair na cúirte tar éis a n-ainmneacha a bheith aistrithe, tar éis fíneáil a chur orthu agus na billeoga atá i gceist scríofa agus aistrithe i mBéarla, agus níl sé sásúil. Agus go minic, i ngach gné den chóras Stáit mar atá sé faoi láthair sa Ghaeltacht agus i mo dháilcheantar féin ní féidir glacadh leis go bhfuil an scéal sásúil. An bhfuil sé ar intinn agan Aire Stáit a mholadh don Rialtas b'fhéidir Bille Cearta a chur i gcrích ionas go mbeidh sé mar ghnáthdhlí, go mbeidh sé mar ghnáthcheart ag muintir na Gaeltachta a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge?

Tá a fhios againn uilig gur cheart go mbeadh sé furasta ag Gaeilgeoir ar bith, agus go mórmhór ag muintir na Gaeltachta, a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis na Ranna Stáit ar fad. Ach mar a dúirt mé sa fhreagra, ní bhíonn sé sásúil i gcónaí, agus faigheann muid ó am go ham casaoid ó dhaoine i ngeall air sin. Ach níl sé i gceist ag an am seo, nó ní shílim go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas, Bille Cearta a chur ar fáil. Ach d'fhéadfaimis, cinnte, a chur ina luí ar gach rannóg Stáit an tábhachta bhaineann le freastal go hiomlán a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí agus go mór ar mhuintir na Gaeltachta madir le gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ag plé leis an gceist seo, an bhfuil sé intuigthe go mbeadh sé mar cheart ag na saoránaigh sa tír seo a bhaineann úsáid as an nGaeilge gach lá gan aird a thabhairt, mar shampla, ar orduithe ón gcúirt a thagann chucu i bhfoirm Béarla? An bhfuil sé mar cheart acu, mar shampla, gan aird a thabhairt ar bhilleoga faoi chúrsaí fíneála maidir le cúrsaí páirceála i gcathair na Gaillimhe? An bhfuil sé mar cheart acu gan aird a thabhairt ar na billeoga sin, go háirithe nuair atá siad tar éis a n-ainmneacha a chlárú leis na Ranna Stáit i nGaeilge?

Tá a fhios agam go mbíonn, in amanna, cúrsaí nach bhfuil mar ba mhaith linn iad a bheith, go mórmhór na cúirteanna, agus caithfimid aghaidh a thabhairt air sin go luath. Bhí an Comhchoiste don Ghaeilge ag plé na gcúrsaí seo, cúrsaí moltaí ó dhream dlíodóirí maidir leis an cheist seo. Sílim go raibh moltaí acusan a bhí go maith ar fad. Ba mhaith liomsa go ndéanfaí cinneadh faoi chuid de na moltaí sin agus go gcuirfí i bhfeidhm iad, go mór mhór maidir le hobair chúirte.

Mar fhocal scoir, cathain a bheidh na moltaí seo curtha go dtí na rannóga atá i gceist, na rannóga Stáit i mBaile Atha Cliath agus na rannóga Stáit sa Ghaeltacht? Cén t-am atá i gceist ag an Aire Stáit? An féidir liomsa a rá go mbeidh na moltaí seo ag teacht ó na húdaráis éagsúla taobh istigh de mhí nó sé mhí nó bhliain nó dhá bhliain — nó céad bliain?

Sílim go dtuigeann gach rannóg Stáit an dualgas atá orthu ó thaobh na ceiste seo. Agus más rud é go síleann an Teachta go bhfuil gá leis sin a chur in iúl dóibh arís nó iad a chur ar an eolas faoi, déanfaidh mise réiteach leis an rud a mhíniú dóibh.

An mbeidh seans ag an Dáil anseo na trí thuarascáil a chuir an comhchoiste chun tosaigh a phlé anseo ionas go mbeidh seans againn na moltaí sin a luaigh an tAire a nochtadh don Teach anseo am éigin?

Níor pléadh go fóill iad. Cuirfidh mé ceist ar an Aoire agus ar an Aire féin. B'fhéidir gur mhaith an rud é ceist a bheith againn agus na moltaí sin a phlé anseo sa Dáil.

Top
Share