Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1987

Vol. 374 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Áise Gaeltachta.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach (i) cé mhéid airgid a cuireadh ar fáil ón a Roinn i mbliana le haghaidh deisiúcháin ar bhóithre áise Gaeltachta, agus (ii) cé mhéid den airgead atá dá chaitheamh ar bhóithre i dTír Chonaill agus (iii) an dtabharfadh sé sonraí faoi na bóithre sin.

Tá soláthar £200,000 i Vóta mo Roinne-se le caitheamh ar bhóithre i mbliana agus tá £56,000 de sin á chur ar fáil do bhóithre i nGaeltacht Dhún na nGall. Cuirfear liosta de na bóithre sin timpeall leis an Tuairisc Oifigiúil.

Bóithre i gContae Dhún na nGall a bhfuil deontais ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta ina leith do 1987.

D1/81

T.R.C. Crócaorach

B.F. Srathlaoil

Tuairisc: An bóthar portaigh, ón bhóthar contae ag an teach a raibh cónaíar Mháire Ní Dhochartaigh, Srathlaoil, ann, isteach sa phortachar feadh 2 mhíle.

Obair le déanamh: Deisiú mar atá riachtanach.

Deontas: £5,000.

D1/87

T.R.C. Ard a'Rátha

B.F. Carraig a tSléibhe

Tuairisc: An bóthar portaigh ón mbóthar contaeag Carraig a tSléibhe.

Obair le déanamh: Deisiú mar is gá.

An té a thaispeánfaidh é: Pádraig Mac a Ghoill.

Deontas: £4,000.

D10/87

T.R.C. Mín a Chladaigh

B.F. An Ghlasaigh

Tuairisc: An bóthar portaigh ó phointe in aice thí Phádraig Coyle, An Ghlasaigh isteach go portach Ghearóid Ó Colm, Ionad AnCo, Gaoth Dobhair.

Deontas: £4,000.

D16/87

T.R.C. Leitir Mac a Bhaird

B.F. Mín an Carn

Tuairisc: An bóthar go dtí monarcha “Siúinéirí Gaothbarra Teo” a dheisiú mar atá riachtanach. Tuairim is 175 slat.

Obair le déanamh: Deisiú mar is gá.

Deontas: £2,500.

D17/87

T.R.C. Dún Lúiche

B.F. Pollán a Ghiorria

Tuairisc: Bóthar portaigh ós cionn Stáisiún Chaisealna gCorr.

Obair le déanamh: Deisiú mar atá riachtanach.

Deontas: £3,000.

D25/87

T.R.C. Mín a Chladaigh

B.F. Carraig Mhic Glaidhe

Tuairisc: An bóthar ó theach Mhichéal Mac Giolla Bhríde go teach Dr. J. Brogan a dheisiú agus a tharráil.

Obair le déanamh: Deisiú agus a tharráil.

Deontas: £2,000.

D26/87

T.R.C. Machaire Clochair

B.F. Cnoc a'Stolaire

Tuairisc: Ón mbóthar contae ag Cnoc a'Stolaire, Bun Beag, go teach Shéamuis Uí Dhochartaigh.

Obair le déanamh: Deisiú agus a tharráil.

Deontas: £1,800.

D27/87

T.R.C. Mín a Chladaigh

B.F. Mín a Chladaigh

Tuairisc: An bóthar ceangail idir Mín a Chladaigh agus Bealach an tSéipéil, Bunaleaca. (Fágann sé an bóthar Contae comhgarach do Scoil Náisiúnta Mhín a Chladaigh). Fad: tuairim is míle.

Obair le déanamh: Deisiú atá riachtanach ledéanamh.

Deontas: £3,000*.

* Ar an tuiscint go mbeidh suim comhionann le fáil ón gComhairle Chontae.

D29/87

T.R.C. Clochán Liath

B.F. Barrack Brae

Tuairisc: An bóthar nach cuid den bhóthar contae é ó Barrack Brae go cúl Fairhill Cottages.

Obair le déanamh: Deisiú agus tarráil.

Deontas: £3,000*.

* Ar an tuiscint go mbeidh suim comhionann le fáil ón gComhairle Chontae.

D30/87

T.R.C. Gleann Leithín

B.F. Loch Eirc (Br. Contae)

Tuairisc: Tarráil le déanamh ar an chuid sin den bóthar atá deisithe agus láidrithe cheana ag an Chomhairle Contae.

Obair le déanamh: Deisiú agus tarráil.

Deontas: £3,200.

D31/87

T.R.C. Ceathrú Caol

B.F. Mínteach

Tuairisc: An bealach go dtí Lochanna Chnoc nanEallach.

Obair le déanamh: Deisiú mar is gá.

Deontas: £1,000.

D32/87

T.R.C. Farad Thiar

B.F. Baile Fuar Uisce

Tuairisc: An bóthar go dtí piara Bhaile Fuar Uisce.

Obair le déanamh: Deisiú mar is gá.

Deontas: £1,000.

D33/87

Crossroads

B.F. Cloch Cheann Fhaola

Tuairisc: Bóthar portaigh Mhín Doire agus bráinsí.

Obair le déanamh: Deisiú.

Deontas: £2,000.

Deontas £5,000 chun bóithre ar Oileán ÁrainnMhór a fheabhsú ar an tuiscint go mbeidh suim comhionann le fáil ón gComhairle Chontae.

Deontas £4,000 nó 50% de chostas na hoibre, cibé acu is lú, chun oibreacha draenála agus deisiúcháin a dhéanamh ar bhóthar Phort Uí Chorráin ar an tuiscint go mbeidh fuílleach an chostais le fáil ón gComhairle Chontae.

Deontas £15,000 chun an bóthar go dtí an eastát tionsclaíochta i nGaoth Dóbhair a fheabhsú ar an tuiscint go mbeidh suim £10,000 le fáil óng Comhairle Chontae. (Ceadaíodh an deontas seoar dtús sa bhliain 1986 ach ní dhearnadh an obairsa bhliain sin.)

Top
Share