Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1987

Vol. 374 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uimhir iarratas ar dheontas (a) do thithe úra, (b) do dheisiúcháin tí a fuarthas ó cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall i rith na bliana 1987 go dáta agus cén uimhir a ceadaíodh i ngach cás.

Sa tréimhse ó 1 Eanáir go 31 Deireadh Fómhair 1987, fuarthas 25 iarratas i leith tithe nua agus ceadaíodh deontais i gcás 11 díobh sin. Fuarthas 138 n-iarratas i leith oibreacha feabhsúcháin agus ceadaíodh deontais i gcás 46 díobh sin sa tréimhse céanna. Diúltaíodh trí cinn agus 27 gcinn faoi seach agus tá na cinn eile á mheas fós.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit aon eolas a thabhairt maidir le Gaeltacht Chonamara?

Má theastaíonn an t-eolas sin ón Teachta tig liom é a thabhairt dó, ach níl sé sa cheist. Baineann an cheist le Dún na nGall.

An trí cinn a diúltaíodh ansin, an raibh aon cheann acu siúd sa chás nach raibh Gaeilge ag duine amháin sa chlann, mar adéarfa? An bhfuil sé ar intinn ag an Aire rud ar bith a dhéanamh i gcásanna nach bhfuil an Ghaeilge go líofa ag an bhfear nó ag an bhean sa teach? Tá a fhios ag an Aire an fhadhb seo.

Níor diúltaíodh ceann ar bith díobh seo, sna deontais feabhsúcháin nó sna deontais do thithe úra de bharr cheist na Gaeilge. Diúltaíodh cuid díobh, mar go raibh deontas Gaeltachta faighte cheana, cuid acu nach raibh ina gcónaí sa Ghaeltacht, ach níor bhain diúltú ar bith le labhairt na Gaeilge. Agus ó tharla gur chuir an Teachta an cheist sin faoi labhairt na Gaeilge, níl sé i gceist ag an Roinn aon laghdú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le ceist na Gaeilge. Tá deontais ón Roinn Comhshaoil le fáil ag daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, agus ní shílim go mbeadh sé ceart buntáiste a bheith le fáil ag daoine nach bhfuil Gaeilge go líofa acu, fiú amháin má tá siad ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Nach bhfuil deireadh curtha ar fad leis an scéim deontas ón Roinn Comhshaoil?

Tá deireadh curtha le deontais fheabhsúcháin ón Roinn Comhshaoil, ach tá deontais fheabhsúcháin le fáil sa Ghaeltacht go fóill ag daoine a mbíonn na coinníollacha sásúil dá bharr.

Top
Share