Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1987

Vol. 374 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaeilge sna Scoileanna.

5. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta le caighdeán na Gaeilge sna meánscoileanna agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith.

Tá na múinteoirí ag obair go dian i scoileanna na tíre ach tá sé an-deacair múineadh na Gaeilge a chur chun cinn sa saol atá ann inniu. Ní mór an siollabas Gaeilge a choinnéail suas chun dáta agus tá mé ag súil le moltaí sonracha faoi sin a fháil ó Choiste an Chúrsa don Ghaeilge. Nuair a bheidh siad agam, déanfaidh mé cúram ar leith díobh.

Tá mé buíoch den Aire as ucht an fhreagra sin. Le blianta anuas bhí sé mar aidhm ag páirtí an Aire athbheochan na teanga a chur ar siúl; agus aontaím léi nach bhfuil sé éasca an Ghaeilge a mhúineadh faoi láthair. Ach is í an cheist atá agam ná, nach mbeidh sé i bhfad níos deacra an Ghaeilge a mhúineadh anois tar éis an t-athrú atá tugtha isteach ag an Rialtas i líon na ndaltaí sna ranganna meánscoile?

Sin ceist eile, agus labhróidh mé leis an Teachta arís faoi sin lá eile, b'fhéidir.

Níor thuig mé go díreach céard a bhí i gceist aici nuair a dúirt sí go raibh sé an-deacair ar fad an Ghaeilge a chur ar aghaidh na laethanta seo. Céard a bhí i gceist aici? Agus chomh maith leis sin, nach mbeadh sé i bhfad níos éasca dá mba rud é nár gearradh siar an méid airgid a bhí ar fáil do théacsleabhair a aistriú go Gaeilge?

Táim sásta go bhfuil an méid airgid atá ar fáil don Ghaeilge leordhóthanach chun an obair sin a chur i gcrích, agus beidh mé ag amharc air sin i 1988 freisin.

Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil sé i bhfad níos deacra an Ghaeilge a mhúineadh sna laethanta atá ann. Sin é dearcadh amháin. Ach nach gceapann an tAire go mbeadh sé i bhfad níos furasta é a dhéanamh leis an méid áiseanna agus gléasanna nua-aimseartha atá ann faoi láthair chun aon teanga ar bith a mhúineadh seachas teanga na Gaeilge? Agus an bhfuil aon seift speisialta ag an Aire chun múineadh na Gaeilge a chothú agus feabhas a chur ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna nó ábhar ar bith, fiú amháin Shakespeare agus Chaucer?

Tá suim speisialta agamsa in ábhar na Gaeilge, agus labhróidh mé leis an Teachta arís.

Nach bhfuil baol ann go n-isleolfar go mór caighdeán labharta na Gaeilge sna meánscoileanna de réir an athrú i líon na ndaltaí sna ranganna?

Tá. Agus tá suim agamsa san ábhar sin, agus b'fhéidir níos mó de bhéim ar labhairt ná ar líofacht.

Top
Share