Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1987

Vol. 374 No. 9

Written Answers. - An Ghaeilge sna Bunscoileanna.

60. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta le caighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre, agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith.

Is féidir creidíuint a thabhairt do Údaráis na gColáistí Oideachais agus do mhúinteoirí náisiúnta na tíre as ucht an comhoibriú, an dúthracht agus an dea thoil atá léirithe acu i leith na Gaeilge le blianta fada anuas. Ag an am céanna, áfach, is léir nach bhfuil aidhm náisiúnta na tíre — go bhféadfaí an Ghaeilge a úsaid mar ghnáth-theanga labhartha — á bhaint amach faoi láthair, agus mar sin go bhféadfadh feabhas a bheith ar ghnéithe áirithe den scéal maidir le caighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna. Chuige sin tá athbhreithniú cuimsitheach ar Churaclam na Bunscoile á dhéanamh faoi láthair, agus tá sé mar cheann de na téarmaí tagartha ag an Coiste Athbhreithnithe féachaint ar cheist na Gaeilge.

Top
Share