Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1987

Vol. 374 No. 9

Written Answers. - Forbairt an Dátheangachais.

72. D'fhiafraigh

den Taoiseach i dtaobh dátheangachas a fhorbairt ar fud na tíre; an bhfuil cinneadh Rialtais á chur i gcrích sna Ranna Stáit nach trí mheán an Bhéarla amháin a fheidhmíonn na córais nua teicneolaíochta agus an bhfuil sé riachtanach mar shampla go mbeadh síneadh fada ar fáil i ngach cló agus ar chuile ghléas ó thaobh próiseálaithe focal, scarbhileoga agus printéirí de; agus an ndéanfadh sé ráiteas ina leith.

Tuigim a thábhachtaí is atá sé go mbeadh na córais nua teicneolaíochta in ann freastal ar an nGaeilge. Iarrfar ar na Ranna Stáit riachtanais na Gaeilge, ó thaobh síneadh fada de agus eile, a chur san áireamh nuair a bheidh córais nua teicneolaíochta á gcur isteach acu agus aon leasuithe chun na críche sin a chur i bhfeidhm i gcás córais atá ann cheana féin.

Top
Share