Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Nov 1987

Vol. 375 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta nach mbeidh iomarcaíocht ar bith in Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn de réir an méid airgid atá molta i gcuntas reatha an Údaráis agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an ndéanfaidh sé ráiteas faoin ngearradh siar sna meastacháin atá molta d'Údarás na Gaeltachta do 1988 agus an bhfuil a fhios aige go gciallaíonn sé seo gearradh siar 27 faoin gcéad agus go bhfuil an gearradh siar seo níos mó ná mar atá ag CTT, ag SFADCo, agus ag an gCoiste Forbartha Tionscail; agus an léireoidh sé mar sin conas a fhéadfaidh an tÚdarás tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach ar bhuail sé mar Aire Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta go fóill, lena bhfuil i ndán don Udarás a phlé de réir na meastachán do 1988 agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid a bheadh ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta i 1988 chun go mbeadh an líon fostaíochta agus na seirbhísí mar an gcéanna agus atá i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith, de réir na meastachán atá molta do 1988.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann líon na bpostanna a chomhlíonadh i 1988 atá luaite acu i bPlean an Údaráis 1984-1988, is é sin 700 postanna, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tógfaidh mé Ceisteanna a 3 go dtí a 7 le chéile.

Suim £11.445 milliún ar fad idir caipiteal agus deontas-i-gcabhair do chaiteachas reatha a bheidh ar fáil ón Stát d'Údarás na Gaeltachta i 1988 le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht. Ní beag an tsuim airgid é sin ag féachaint do ghéarchéim airgeadais an Stát-Chiste. Ar ndóigh, bíonn teacht isteach ag an Údarás ó fhoinsí eile chomh maith. Tá mé sásta, ach iomlán an airgid a bheidh ar fáil don eagraíocht—idir sholáthar ón Stát agus teacht isteach ó fhoinsí eile — a chaitheamh go stuama agus go tíosach, go mbeidh ar chumas an Údaráis dul chun cinn maith a dhéanamh agus tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Maidir leis an sprioc fostaíochta do 1988 atá i bPlean Corparáideach an Údaráis 1984-88, tuigtear ón eagraíocht go bhfuiltear dóchasach go fóill go mbeifear in ann an sprioc sin a bhaint amach.

Is gnó don Údarás socruithe a dhéanamh chun a chuid feidhmeanna a chur chun cinn go héifeachtach leis an soláthar airgid a bhíonn ar fáil dó. Ní fheictear gur gá bualadh le Bord an Údaráis go speisialta chun é sin a chur in iúl dóibh.

Tuigtear ón Údarás go mbeadh timpeall £0.8 milliún breise ag teastáil mar theacht isteach le nach mbeadh gearradh siar le déanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar sheirbhísí a airgeadaítear as an gcuntas reatha agus le nach mbeadh sé riachtanach scaoileadh le líon áirithe den fhoireann.

Sílim nach bhfuil sé sásúil go dtógfadh an tAire Stáit na ceisteanna seo go léir le chéile, agus tá súil agam go dtabharfaidh tú seans dom, a Cheann Comhairle, cúpla ceisteanna a chur air. Tá a fhios ag an Aire go maith go raibh raic uafásach sa Teach seo, brú ar pholaiteoirí, rúin sa Dáil agus moltaí eile faoi £2 mhilliún a thabhairt don Údarás cúpla bliain ó shin. Conas is féidir leis an Údarás an dul chun cinn atá luaite ag an Aire——

Ceist, a Theachta, led thoil.

——agus na seirbhísí a choimeád agus postanna eile a chur ar fáil os rud é go bhfuil níos lú airgid acu anois ná mar a bhí ag an am sin.

Tá gearradh siar san deontas caipitil ach bhí togra an-mhór don bhliain seo caite a chosain os cionn £2 mhilliún, agus ní gnáthach go mbíonn tograí den chineál sin á airgeadú ag an Údarás. Dá bhrí sin, nuair a thógtar an figiúr ceart níl ach gearradh siar de 14 faoin gcéad in áit an 27 faoin gcéad a luann an Teachta.

Tá an gearradh siar i bhfad níos mó ná mar atá ag na comhlachtaí atá luaite sa cheist. Os rud é go bhfuil cúrsaí na Gaeltachta faoi chúram an Aire, an mbuailfidh sé leis an Údarás i dtreo is go mbeidh siad in ann na neithe seo a phlé? Freisin, an bhfuil a fhios ag an Aire go raibh cruinniú speisialta ag an Údarás Dé Sathairn seo caite faoi dífhostaíocht agus cúrsaí iomarcaíochta a phlé agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi sin?

Buaileann an Taoiseach le baill an Údaráis go minic agus leis an bpríomh fheidhmeannach go féiltiúil. Tuigeann siad ó na cainteanna sin cén chaoi a bhfuil cúrsaí airgeadais agus caithfidh siad feiceáil le coinneáil taobh istigh den méid airgid atá leagtha amach dóibh len a gcuid gniomhaíochta a dhéanamh.

Nach bhfuil sé an-soiléir nach mbeidh ar chumas Údarás na Gaeltachta líon na bpostanna atá luaite sa phlean acu a chomhlíonadh an bhliain seo chugainn agus cad chuige ansin nach mbuailfeadh an Taoiseach mar Aire Gaeltachta go hoifigiúil leis an Údarás chun na fadhbanna atá ag an Údarás agus cúrsaí Ghaeltachta go ginearálta a phlé leo. Ní mór an rud é sin.

Tá mé cinnte nach loiceann an Taoiseach ar bhuaileadh le haon eagras gur fiú buaileadh leo agus níl sé ar eolas agam ar cuireadh iarratas foirmeálta chuig an Roinn go fóill faoi buaileadh liomsa nó buaileadh leis an Taoiseach faoi na ceisteanna seo.

Tá sé ag teacht. Bhí cruinniú ag an Údarás an Satharn seo caite agus tá iarratas foirmeálta ar an mbealach go dtí an Taoiseach agus tá súil agam go mbuailfidh sé leo.

An bhfuil sé fíor go mbeidh daoine á gcur as a bpostanna atá fostaithe ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair de bharr an méid airgid atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Údarás i mbliana?

Tá na cúrsaí seo ar fad á bplé ag an Údarás i láthair na huaire agus níl a fhios agam an mbeidh sé i gceist go mbeidh dífhostaíocht ar bith ann de bharr an méid airgid atá curtha ar fáil i mbliana. Tá líon mór daoine — tá 135 duine ag obair ansin ar fad — fostaithe ag an Údarás agus b'fhéidir go mbeadh gá cuid díobh a ligean chun bealaigh.

An bhfuil an Rialtas ag déanamh athstruchtúir ar an Údarás?

Níl sé sin i gceist. Tá obair mhaith á déanamh ag an Údarás ó cuireadh ar bun iad le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus níl sé i gceist ag an Rialtas cur isteach ar an obair sin ar bhealach ar bith.

Top
Share