Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Nov 1987

Vol. 375 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Óstán i gCiarraí.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist (a) ag Údarás na Gaeltachta Sonas Teo (Óstán Dún an Óir) a díol (b) cén costas iomlán atá caite air (c) cén brabús atá déanta ag an óstán.

Is fochuideachta faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta é Sonas Teo. Tuigim ón Údarás nár cheadaigh Gaeltarra Éireann ná an tÚdarás aon deontas don tionscnamh ach gur infheistíodh suim £897,092 sa chuideachta mar scaireanna; agus nach bhfuil beartaithe acu an t-óstán a dhíol. Is cuideachta phríobháideach é Sonas Teo agus ní gnách a torthaí trádála a fhoilsiú.

Ní miste a lua gur íoc mo Roinnse £47,500 mar dheontais fhorlíontacha faoi Scéim na Cóiríochta Saoire leis an gcuideachta sna blianta 1970 go 1979.

An bhféadfadh an tAire a rá cén fáth gur thug an bainisteoir agus an cúntóir fógra scoir don Údarás?

Níl aon eolas agam faoin cheist sin. Sin gnó don chomhlacht féin má tá sé i gceist bainisteoir nó duine ar bith eile a dhí-fhostú.

An bhfuil an tAire ábalta a rá ar thug an Taoiseach nó é féin aon gheallúint don bainisteoir go n-athbheodh sé an t-óstán taréis an toghcháin.

Gabh mo leithscéal, a Cheann Comhairle.

Sin ceist eile.

Top
Share