Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Nov 1987

Vol. 375 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén tacaíocht a thugann Roinn na Gaeltachta do eagrais Ghaeilge chun an teanga a fhorbairt i dTuaisceart Éireann agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tá roinnt scéimeanna de chuid Roinn na Gaeltachta a mbaintear úsáid astu i dTuaisceart Éireann, mar shampla, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus scéim scoláireachtaí ag feiseanna. Tugann an Roinn cúnamh bliantúil do Chonradh na Gaeilge ar choinníoll, inter alia, go dtabharfar sciar cinnte de do Chomhaltas Uladh a bhíonn ag feidhmiú sa Tuaisceart agus íoctar deontas míosúil mar chabhair chun An tUltach (iris oifigiúil Chomhaltas Uladh) a fhoilsiú.

Chomh maith leis sin bíonn imeachtaí faoi scáth eagras deonacha Gaeilge eile a fhaigheann cúnamh bliantúil ó mo Roinnse á reachtáil sa taobh sin tíre.

An féidir leis an Aire Stáit insint dom an méid airgid a íocadh do na heagrais i dTuaisceart Éireann i leith na hoibre seo?

Fuair Conradh na Gaeilge £112,000 i 1987. Bíonn coinníoll ag baint leis an íocaíocht sin, go mbeidh sciar as sin tugtha do Chomhaltas Uladh agus do na heagrais eile ansin maidir le foilsiú oifigiúil An tUltach, cuirimis i gcás. Tá an coinníoll sin ag baint leis an deontas a fhaigheann Conradh na Gaeilge ó Roinn na Gaeltachta.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit cuairt oifigiúil a thabhairt ar Thuaisceart Éireann agus bualadh leis na heagrais seo agus treoir, comhairle agus tacaíocht a thabhairt dóibh i leith polasaí na Gaeilge a fhorbairt thuas ansin?

Sin smaoineamh nár bhuail mé agus níl a fhios agam an mbeadh fiúntas ar bith ann. Sílim, lena gceart a thabhairt do chuid de na heagrais sin, go bhfuil siad i bhfad níos dáiríre faoi dhul chun cinn na Gaeilge ná mar atáimid féin anseo. Cuirimis i gcás, bíonn gach cruinniú de Chomhairle Uladh de Chumann Lúthchleas Gael trí Ghaeilge, agus d'fhéadfadh sinne anseo an dea-shampla atá á thabhairt ag muintir an Tuaiscirt a ghlacadh agus bheadh i bhfad níos mó dul chun cinn déanta anseo ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn.

Top
Share