Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Nov 1987

Vol. 375 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Polasaí don Ghaeilge.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach an léireoidh sé céard é ról Údarás na Gaeltachta agus ról Bhord na Gaeilge i leith polasaí a chruthú don Ghaeilge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Ní ar Údarás na Gaeltachta ná ar Bhord na Gaeilge atá an cúram maidir le beartas don Ghaeilge a chruthú ach, ar ndóigh, bíonn páirt thábhachtach acu san obair sin trí chomhairle iomchuí a thabhairt, mar is gá.

Diomaite de sin, tá cúraimí faoi leith curtha ar an dá eagras sna hAchtanna faoinar bunaíodh iad.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil dualgais faoi leith ag Údarás na Gaeltachta agus ag Bord na Gaeilge agus is é rud a bhí i gceist agam ná, agus tú féin mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste don Ghaeilge anuraidh, dúirt duine de bhaill Údarás na Gaeltachta go raibh na heagrais Ghaeilge ag obair i gcoinne a chéile ag caitheamh airgid an Stáit i leith fhorbairt na Gaeilge, agus is é an rud a bhí i gceist agam ná an raibh tuairim ar bith ag an Aire Stáit faoi sin?

Ní shílim gur dhúirt sé go raibh na heagrais Ghaeilge ag obair in aghaidh a chéile. Dúirt sé go raibh eagrais nach raibh an tabhairt lántacaíochta don obair a bhí ar siúl ag an Údarás. Tá sé de dhualgas ar an Údarás an Ghaeilge a chur chun cinn sna Gaeltachtaí, sna monarchana agus i ndualgas ar bith atá ann maidir leis an Ghaeltacht, ach ní théann a gcúraimí thairis sin.

An dtabharfaidh an tAire Stáit treoir nó comhairle do na heagrais faoi leith a bheidh ag obair i bhfábhar polasaí an Údaráis agus Bhord na Gaeilge, mar sin?

Mar atá a fhios ag an Teachta, chuir Bord na Gaeilge tuarascáil amach agus tá siad ag iarraidh cur in a luí ar na Ranna Stáit agus ar chomhairlí contae agus ar gach eagras poiblí sa tír níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge, agus beidh lántacaíocht le fáil acu ón Rialtas chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

An bhfuil sé intuigthe ón méid atá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil dhá nó b'fhéidir trí pholasaí ann? Is é sin, ceann amháin ag Roinn na Gaeltachta, ceann eile ag Bord na Gaeilge aimsithe i dtreo na Ranna Stáit láir agus na ranna áitiúla, agus ceann eile ar fad ag, b'fhéidir, an Údarás? An nglacann an tAire Stáit leis go bhfuil an deighilt sin ann? Nach bhfuil pointe láir leis an nGaeilge a thabhairt chun cinn?

Ní shin an rud a dúirt mé, agus ní ghlacaim leis an tuairim sin. Baineann cúrsaí faoin Údarás leis na Gaeltachtaí féin. Níl aon chúram ag an Údarás taobh amuigh den Ghaeltacht, agus déanann siadsan teagmháil le muintir na Gaeltachta agus leis na daoine atá ag obair sna monarchana, agus tá sé de dhualgas orthu féachaint leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna Gaeltachtaí. Tá Bord na Gaeilge ag plé níos mó le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, cé go mbeidh páirt acu chomh maith sna Gaeltachtaí. Agus fad agus a bhaineann sé le Roinn na Gaeltachta, tá siadsan i gceannas ar gach gné de chur chun cinn na Gaeilge agus tá scéimeanna faoi leith acu a chuidíonn leis na heagrais áirithe atá ag plé le dul chun cinn na Gaeilge.

An bhfuil an tAire sásta leis an tslí a bhfuil an t-airgead á chaitheamh ag Bord na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta de bharr go bhfuil deich ngluaisteán Stáit ag Údarás na Gaeltachta agus trí ghluaisteán Stáit ag Bord na Gaeilge.

Ní bhaineann sé sin leis an cheist seo. Táimid ag caint faoi dhul chun cinn na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Cúpla mí ó shin dúirt an tAire Stáit sa Teach seo go mbeadh sé ag scríobh chuig na hÚdaráis éagsúla maidir le cearta daoine a dteastaíonn uathu Gaeilge a úsáid leis an ngnáththeagmháil leis an Stát. An bhfuil se intuigthe ó na ceisteanna agus na freagraí atá tugtha don Teach seo go mbeidh gach ceann de na hUdaráis atá luaite sa cheist ag plé leis an bhfadhb seo, is é sin, glacadh leis mar oibleagáid, go bhfuil sé sa tuarascáil nach bhfuil daoine in ann a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis an Stát agus leis na Ranna Stáit éagsúla?

Tá tuarascáil eile á réiteach ag Bord na Gaeilge maidir leis na ceisteanna seo ar fad, agus tá sé go síoraí ag teagmháil le gach Rannóg Stáit, le comhairlí contae agus le heagrais phoiblí le cuidiú leo le Gaeilge a chur chun cinn. Tá siad ag plé le naíscoileanna, agus le cuid mhaith rudaí eile ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeilge. Beimid ag súil go leanfaidh siad ar aghaidh leis sin, agus beidh lántacaíocht le fáil acu ón Rialtas lena gcúraimí a thabhairt slán.

Top
Share