Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Feb 1988

Vol. 377 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhlacht Telegael.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon socrú déanta go fóill faoi chomhlacht Telegael a bhunú agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an chuideachta i gceist bunaithe. Is comhfhiontar é Telegael Teo. idir Údarás na Gaeltachta (75 faoin gcéad) agus RTE (25 faoin gcéad) a chuirfidh áiseanna táirgíochta agus eagarthóireachta clár teilifíse ar fáil do leiritheoirí neamhspleácha agus do RTÉ féin. Beidh na háiseanna ar fáil ar théarmaí tráchtála agus cuirfear béim ar leith ar chláir theilifíse trí ghaeilge a tháirgeadh. Fáiltím roimh an tionscnamh suntasach seo agus bheinn dóchasach go dtiocfaidh méadú maith ar líon na gclár teilifíse trí Ghaeilge dá bharr.

An féidir leis an Aire a insint dom cén tacaíocht phearsanta a bheas á tabhairt ó RTÉ do Thelegael? Agus an bhfuil sé ar intinn ag an gcomhlacht cláracha as Gaeilge a chur ar fáil? Agus freisin, cén bhaint a bheas ag Telegael leis an scéim atá ann chun teilifís a chur ar fáil do mhuintir na nGaeltachtaí?

Séard atá i gceist go mbeidh áit lonnaithe sa Ghaeltacht a bheidh feiliúnach le cláracha a chur in eagar le cur amach ar an teilifís, agus tá páirt ag RTÉ anseo. Tá siad ag tabhairt tacaíocht airgid agus beidh siad ag tabhairt cúnaimh chomh maith ó thaobh foirne, i gcomhar leis an Údarás, leis na cláracha seo a réiteach agus a chur ar fáil.

An bhfuil sé ar chumas ag Telegael cláracha as Gaeilge a chur ar fáil don scéim nua atá molta ag an rialtas chun scéim theilifíse a chur ar fáil do na Gaeltachtaí? An bhfuil sé ar chumas ag Telegael cláracha Gaeilge a chur ar fáil?

Séard a bheas i gceist go mbeidh an bhéim ar fad a chláracha Gaeilge a chur ar fáil agus a chur amach. Beidh áiseanna ann leis na cláracha seo, maraon le taifeadáin agus mar sin, a réiteach. Is é an rud a bheas i gceist go mbeidh sé bunaithe ar shaol na Gaeltachta agus ar chúrsaí Gaeltachta agus go mbeidh sé feiliúnach don Ghaeltacht, agus go mórmhór don aos óg.

Top
Share