Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Feb 1988

Vol. 377 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caiteachas ar Scéimeanna sna Gaeltachtaí.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta faoin méid airgid atá a chaitheamh agus ar fáil do scéimeanna riachtanacha sna Gaeltachtaí ón gCiste Réigiúnach Eorpach; agus an ndéarfaidh sé céard atá á dhéanamh ag an Rialtas chun é seo a mhéadú as seo amach.

Chomh fada agus a bhaineann sé leis an gCiste Réigiúnach ní raibh aon deacrachtaí ag mo Roinnse ná ag Údarás na Gaeltachta le cásanna a lorgaíodh cúnamh ina leith agus fuair an Stát-Chiste deontais a bhí dlite i gcomhréir leis na rialacháin.

Nach bhfuair iarthar na hÉireann ach fíorbheagán den airgead a tháinig ón gCiste Réigiúnach? Agus nach féidir leat a insint dom cé mhéad airgid atá curtha ar fáil do na contaetha san iarthar, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall agus mar sin de? An bhfuil an t-eolas sin ag an Aire?

Is dócha, má thógann tú é i gcomhthéacs an mhéid a tháinig ón gCoiste Réigiúnach chuig na contaetha ar fad, gur féidir sin a rá. Ach ó thaobh Roinn na Gaeltachta féin, aon mholtaí a cuireadh os comhair an Chiste Réigiúnaigh, fuarthas an t-airgead orthu agus tugadh cuidiú, mar shampla, i gcás céanna in Ailt an Chorráin, Leic Gharbh in Árainn Mhór, an Bun Beag, Rinn Rua, i gContae Mhaigh Eo, Cill Rónáin in Árainn. Agus tá tacaíocht faighte ag an chuid is mó de na hiarratais a chuaigh isteach ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás féin.

An bhfuil sé ar intinn agatsa, mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, tuilleadh brú a chur, trí Roinn an Taoisigh, ar an Roinn Airgeadais chun níos mó airgid a fháil do scéimeanna riachtanacha a bheas ag teacht isteach as seo amach ó iarthar na hÉireann le hairgead a fháil ón gCiste Réigiúnach? An bhfuil sé ar intinn ag an Aire níos mó brú a chur orthu?

Tá moltaí pléite anois ag Comhchomhairle an Chomhphobail go méadófaí go suntasach an t-airgead a bheadh le fáil. "Structural Funds" a thugann siad air, agus séard a bheas ann go mbeidh an Ciste Réigiúnach, an Ciste Sóisialta agus FEOGA le chéile, agus go mbeidh dáileadh acu ar an airgead. Bheifí ag súil, tríd an bplean sin, go mbeadh níos mó airgid le fáil. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist chomh maith go mbeadh clárú le go bhféadfaí plean a leagan amach agus go n-íocfaí an t-airgead ar an bplean sin in áit a bheith á íoc ar thograí mar atá ar siúl i láthair na huaire, agus sa chaoi sin go mbeadh níos mó airgid le fáil ag na ceantair san iarthar. Aontaím leis an Teachta go bhfuil gá i bhfad níos mó den Chiste Réigiúnach a theacht go dtí an t-iarthar ná mar atá i láthair na huaire.

Top
Share