Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Mar 1988

Vol. 378 No. 6

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Spás Monarcha sna Gaeltachtaí.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén spás monarchan a thógfar i 1988 i nGaeltachtaí na tíre; agus an bhfuil sé sásta go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann a dhualgais a chomhlíonadh ó thaobh postanna a chur ar fáil i mbliana.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go meastar go gcríochnófar an obair i mbliana ar thimpeall 2,240 méadar cearnach de réamhspás a bhfuil tús curtha lena thógáil cheana féin; go ndéanfar cinneadh go luath faoin réamhspás breise a chuirfear tús lena thógáil i mbliana; agus go bhfuiltear ag súil leis go gcruthófar timpeall 600 post nua sa Ghaeltacht i mbliana.

An bhfuil an tAire sásta go mbeidh sé ar a gcumas ag Údarás na Gaeltachta 600 post a chur ar fáil i mbliana, nó an bhfuil a fhios aige cén áit a mbeidh na póstanna seo curtha ar fáil nó cén sórt tionscail a bheidh á chur ar fáil?

Níl aon mhioneolas agam ar cén áit a mbeidh na postanna á gcur ar fáil. Tá an méid postanna is mó á gcur ar fáil i láthair na huaire le feirmeacha éisc. Ón eolas atá ag an Roinn seo agus ag Údarás na Gaeltachta tá siad ag súil le 600 post breise i mbliana.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid spás monarchan atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i gContae Mhaigh Eo faoi láthair; agus cén plean atá aige chun úsáid a bhaint as chun postanna a chur af fáil.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil timpeall 4,800 méadar cearnach de spás monarchan ar fáil do thograí i nGaeltacht Mhaigh Eo faoi láthair; go bhfuil tograí á bplé do roinnt de na foirgnimh i gceist; agus go leanfaidh an tÚdarás dá chuid iarrachtaí chun tionscnaimh a aimsiú do na foirgnimh eile.

An bhfuil an tÚdarás i dteagmháil le tionsclóirí éagsúla chun an spás seo a úsáid agus jabanna a chur ar fáil i nGaeltacht Mhaigh Eo faoi láthair?

Tá tionscal nua i gceann de na réamh-mhonarchana i mBun an Churraigh, mar is eol don Teachta, agus táimid ag plé le tionsclaí eile i gcomhair ceann de na monarchana i mBéal an Mhuirthead. Ach tairis sin níl aon iarratais eile gur eol domsa faoi phostanna breise a chur ar fáil.

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sé ar chumas an Údaráis na monarchana atá i Maigh Eo faoi láthair a líonadh i mbliana, agus cé mhéad post a mheasann sé a chuirfear ar fáil iontu?

Ní dócha go mbeimid in ann na réamh-mhonarchana ar fad a líonadh, ach nuair a bhéas an tionscal atá i mBun an Churraigh faoi lánseol beidh thart ar 38 bpost á gcur ar fáil aige, agus thart ar 30 sa cheann eile i mBéal an Mhuirthead. Ag an bpointe seo tá thart ar trí scór post i gceist.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit a cathain a bheidh na tionscail sin faoi lánseol?

Mar gheall ar Bhun an Churraigh, tá na tionscail ansin i láthair na huaire ach níl ach beagán den lucht oibre tugtha isteach. Tá cuid acu ag dul go Ceanada ar chúrsaí foghlama. Níl ann ach go bhfuil tús curtha leis an monarcha sin.

Top
Share