Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Mar 1988

Vol. 378 No. 6

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Damáiste Stoirme ar Oileáin Dhún na nGall.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil eolas aige faoin damaiste a rinne stoirm an 9 Feabhra, ar Oileán Árainn Mhór agus ar Oileán Thoraí, do bhóithre agus ballaí cladaigh; agus an bhfuil sé chun airgead a chur ar fáil le hobair dheisiúcháin a dhéanamh.

Breithneofar chomh báúil agus is féidir aon iarratas ar chúnamh mar seo a thagann ar aghaidh. Caithfear é seo a dhéanamh, áfach, laistigh den soláthar i Vóta mo Roinnse d'oibreacha dá leithéid.

An gceapann an tAire go mbeidh airgead le fáil do Oileán Árainn Mhór agus Oileán Thoraí as ucht an damáiste a rinneadh leis an stoirm le déanaí? An bhfuil sé cinnte go mbeidh airgead le fáil?

Tá £200,000 curtha ar fáil le haghaidh bóithre i mbilana agus £340,000 le haghaidh muiroibreacha. Sin an méid airgid atá againn i láthair na huaire, agus tá an chuid is mó den airgead sin do mhuiroibreacha, geallta. Thug muid cúnamh do Oileán Thoraí. Fuair siad deontas beag do halla pobail ar scuabadh an díon de. Tá réiteach againn in Oileán Árainn Mhór le blianta anuas. Tugann mo Roinnse suim mhór airgid, agus tugann an Chomhairle Chontae suim mhór airgid le haghaidh bóithre. Taobh amuigh de sin níl aon réiteach eile déanta againn i láthair na huaire. Táimid ag scrúdú na n-iarratas atá ag teacht isteacht le haghaidh cuidiú.

Top
Share