den Taoiseach cad é an costas bunúsach ón chéad lá a bhain le comhlacht (sonraí tugtha) i gContae Chiarraí; agus an bhfuil aon socrú déanta é a ligean ar cíos.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha i gCiarraí.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta, gur íoc an tÚdarás deontais dar luach £93,084 leis an gcuideachta agus go bhfuil éileamh déanta maidir le haisíoc na ndeontas sin; agus go bhfuil aontaithe ag an Údarás an mhonarcha ina raibh an tionscal a ligean go sealadach le cuideachta eile ar choinníollacha áirithe.
An bhfuil an tAire sásta go bhfuil taithí a dhóthain ag an gcomhlacht nua de bharr go bhfuar sé an ruaig as an Neidín de bharr an bholadh a bhí mórthimpeall na háite?
Tuigim faoin rud sin, ach amháin, i láthair na huaire, go bhfuil an mhonarcha i mBaile an Mhuilinn ar ais i seilbh an Údaráis, agus go bhfuil siad ag plé le duine eile maidir le dul isteach sa mhonarcha.
Ba ceart don Aire fiosrú agus eolas a fháil amach ón gcomhairle chontae mar gheall air.